Tumgik
#an-caitín-cleasach
toinghaeilge · 7 years
Text
An Caitín Cleasach Part 2
“Beidh le feiceáil cén fáth a bhfuil na buataisí uaim,” arsa an cat cliste.
“Fan go bhfeice tú.”
Chomh luath is a chuir an cat an péire breá buataisí nua dearga air féin, bhí cuma níos tábhachtaí air, amhail is a bhí sé níos cinnte faoin tseift a bhí ar siúl aige. “Fan anseo,” ar seisean lena mháistir óg. “Táimse ag dul isteach sa choill leis an mála mór.”
Níor chuir an Caitín Cleasach nóiméad amú sa choill. Ar dtús, líon sé an mála le bran agus cabáiste. Chuir sé téad ina lúb ansin timpeall bhéal an mhála ionas go mbeadh sé in ann é a dhúnadh nuair ba mhian leis. Nuair a bhí sé seo réitithe i gceart aige, luigh sé síos, an téad ina lapa aige, agus lig sé air go raibh sé marbh.
Mar is eol don saol mór, tá an-dúil ag coiníní sa chabáiste agus sa bhran agus, taobh istigh de thamall gearr, tháinig coinín óg ramhar chomh fada leis an mála mór de léim. Fuair sé boladh an bhrain agus fuair sé spléachadh ar an gcabáiste mealltach. Choinnigh an cat greim láidir ar an téad agus an coinín ag preabadh go neamhairdeallach isteach sa mhála. Agus b’in deireadh leis an gcoinín óg amaideach! Tharraing an cat ar an téad, dhún sé béal an mhála agus d’ionsaigh sé a chreach.
Tumblr media
Agus é go breá sásta lena chuid saothair, ar aghaidh leis an gCaitín Cleasach i dtreo phálás an Rí. Bhí cuma chomh tábhachtach sin ar an gcat lena bhuataisí nua snasta air gur tugadh é lom láithreach go dtí an Rí féin.
“Seo bronntanas duit, a Mhórgacht,” arsa an Caitín Cleasach chomh luath is a bhí sé os comhair an Rí. “Bronnann mo mháistir uasal gnaíúil, Tiarna Charabas, ort é.” B’in an t-ainm móiréiseach a chum an cat do mhac an mhuilleora agus é ag fágáil na coille.
Anois, bhí an-dúil ag an Rí i bpióga coinín – rud a bhí ar eolas ag an gcat – agus a luaithe a chonaic sé an coinín óg ramhar bhí pléisiúr an rí le haithint go soiléir ar a aghaidh. Rinne sé casacht agus tháinig loinnir ina shúile.
“Bhuel!” ar seisean faoi dheireadh, agus a fhios aige nár cheart do rí a bheith ró-bhuíoch agus é ag glacadh le bronntanais. “Tá mé an-bhuíoch de do mháistir, Tiarna... Tiarna...”
“Charabas,” arsa an caitín go muiníneach. “Tiarna Charabas.”
“'Sea, cinnte,” arsa an Rí. “Tiarna Charabas. 'Sea, bhuel, ní dhéanfaidh mé dearmad ar an ainm sin.”
1 note · View note
toinghaeilge · 7 years
Text
An Caitín Cleasach Part 1
Tumblr media
Bhí fear ann tráth a raibh muileann aige agus triúr mac. Bhí an muilleoir chomh bocht sin nár fhág sé ina dhiaidh aige nuair a fuair sé bás ach an muileann, agus asal agus cat a bhí aige.
“Tógfaidh mise an muileann,” arsa an mac ba shine. “Is liomsa an muileann ó cheart.”
“Tógfaidh mise an t-asal,” arsa an dara mac. “Leis an asal i mo sheilbh agam, beidh mé in ann mo ghnó féin a bhunú.”
“Níl fágtha agamsa, mar sin, ach an cat,” arsa an mac ab óige. “Is beag a chabhróidh cat liom slí bheatha a bhaint amach. Céard is féidir liom a dhéanamh?”
Ba chuma lena bheirt deartháireacha faoi, toisc gur daoine santacha leithleacha a bhí iontu. Mar sin, d’imigh an mac ab óige leis, an cat ina sheilbh aige, chun machnamh a dhéanamh ar chúrsaí.
“Níl aon amhras ach go bhfaighfidh mé bás den ocras,” ar seisean os ard, agus é ina shuí faoi chrann. “Nach éagórach an saol é.”
“Ní déarfainn é sin,” a dúirt an cat. “D’fhéadfainn cabhrú leat, dá mbeadh muinín agat asam.”
“Céard atá á rá agat? Gur chóir dom mo mhuinín a chur i gcat chun mo shaibhreas a dhéanamh?” a bhéic an fear óg go drochmheasúil. “A leithéid de mholadh!”
Dála an scéil, níorbh ábhar iontais ar bith do mhac an mhuilleora go raibh an cat in ann caint. San am a tharla an scéal seo, bhí caint ag roinnt mhaith ainmhithe – rud a bhí ar eolas ag an bhfear óg. Ar aon chaoi, ba chuimhin leis a athair ag rá go raibh scileanna thar na bearta ag an gcat, go háirithe ó thaobh francaigh agus lucha a mharú.
“Níl uaim,” arsa an cat tar éis tamaillín, “ach péire buataisí arda agus mála mór. Tabhair an méid sin dom agus geallaim duit nach mbeidh díomá ort.”
D’ainneoin a bharúla ar an gceist, shocraigh mac an mhuilleora muinín a chur sa chat. “Is fíorbheag airgid atá fágtha agam,” ar seisean. “Ach tá mé sásta é a chaitheamh ar bhuataisí arda duit, cé go n-admhálaim nach dtuigim féin cén fáth a dteastaíonn siad uait. Maidir leis an mála mór, is furasta teacht air sin.”
Tumblr media
1 note · View note