Tumgik
#apb c2
briosca-sa-speir · 5 years
Text
An Prionsa Beag - caibidil 2.6
Nuair a bhíonn cúrsaí chomh diamhrach sin, ní bheadh sé de dhánaíocht ionat gan rud a dhéanamh air. Cuma cé chomh hamaideach agus a bhí sé, dar liom míle míle ar shiúl ó aon chónaí daoine agus mé i mbaol báis, tharraing mé amach as mo phóca duille pháipéir agus peann easa. Ach ansin chuimhnigh mé gurb iad na rudaí is mó a bhí foghlamtha agam tíreolas, stair, uimhríocht agus gramadach agus dúirt mé leis an bhfirín beag (agus beagán drochspionn orm) nach raibh mé in ann líníocht a dhéanamh.
— Is cuma sin. Déan pictiúr de chaora dom.
← previous | next →
-----------------------------------
nótaí:
diamhrach = diamhair (obscure)
dánaíocht = dánacht (boldness, courage)
níl sé de dhánacht ionat = you don't have the courage to...
cuma cé chomh hamaideach agus a bhí sé = no matter how silly it was
dar liom = methinks, thought I
duille pháipéir = a sheet of paper
peann easa = peann tobair (fountain pen)
drochspionn = bad mood
5 notes · View notes
albertopolocarrasco · 7 years
Text
Proyecto Final: Creación de una UD con metodologías innovadoras y recursos TIC
Con esta actividad llegamos al final de la asignatura “Propuestas Educativas mediadas por TIC”. Para la ocasión, he creado una Unidad Didáctica de Educación Física para 1º de ESO aplicando tres metodologías innovadoras (flipped classroom, APB y aprendizaje colaborativo), donde los alumnos serán los protagonistas.  ¡Espero que os guste!
https://www.dropbox.com/s/37w5euxyatex974/Unidad%20Did%C3%A1ctica%201%C2%BA%20ESO.pdf?dl=0
#propuestasTIC @the-jjsanz @jjsanzgil
Tumblr media Tumblr media
1 note · View note
fidg3ty-blog1 · 6 years
Text
Fresh Lettre De Motivation Chef De Cuisine
Fresh Lettre De Motivation Chef De Cuisine
[gembloong_breadcrumbs] [gembloong_ads1]
lettre de motivation chef de cuisine génial degisco mod¨le de lettre de motivation chef de cuisine génial degisco mod¨le de exemple de cv mis de cuisine exemple cv mis de cuisine cv anonyme nue dans la cuisine luxe 38 beau graphie de lettre de motivation lettre de motivation chef de cuisine frais lettre de motivation cuisine chef moderne 38 beau graphie de…
View On WordPress
0 notes
pursehouse-blog1 · 6 years
Text
Fresh Lettre De Motivation Chef De Cuisine
Fresh Lettre De Motivation Chef De Cuisine
[gembloong_breadcrumbs] [gembloong_ads1]
lettre de motivation chef de cuisine génial degisco mod¨le de lettre de motivation chef de cuisine génial degisco mod¨le de exemple de cv mis de cuisine exemple cv mis de cuisine cv anonyme nue dans la cuisine luxe 38 beau graphie de lettre de motivation lettre de motivation chef de cuisine frais lettre de motivation cuisine chef moderne 38 beau graphie de…
View On WordPress
0 notes
briosca-sa-speir · 5 years
Text
An Prionsa Beag - caibidil 2.3
Léim mé i mo sheasamh mar a bhuailfí le splanc tintrí mé. Chuimil mé mo shúile go maith. Bhreathnaigh mé go maith. Agus chonaic mé firín beag saoithiúil amach agus amach agus é ag amharc orm go stuama. Seo thall an phortráid is fearr dár éirigh liom a dhéanamh de, níos moille.
Tumblr media
← previous | next →
-----------------------------------
nótaí:
léim mé i mo sheasamh = I sprang to my feet
a bhuailfí = buail
splanc tintrí = a flash of lightning
cuimil = to rub, wipe
breathnaigh = to observe, watch
saoithiúil = peculiar
amach agus amach = quite
go stuama = solemnly, seriously
níos moille = later on
4 notes · View notes
briosca-sa-speir · 5 years
Text
An Prionsa Beag - caibidil 2.5
Ina dhiaidh sin, níor amharc an firín seo agam mar bheadh sé ar seachrán, ná marbh tuirseach, ná stiúgtha leis an ocras, ná spalptha le tart, ná eagla a chraicinn bheith air. Ní raibh cuma dá laghad air gur páiste é a bhí caillte sa bhfásach, míle míle ó aon chónaí daoine. Nuair a tháinig an chaint chugam ar deireadh, arsa mise leis:
— Ach... cad atá ar siúl agat anseo?
Agus seisean liom arís, go bog íseal, mar a bheadh sé an-dáiríre faoin rud:
— Le do thoil, déan pictiúr de chaora dom.
← previous | next →
-----------------------------------
nótaí:
stiúgtha leis an ocras = starved
spalptha le tart = parched with thirst
eagla a chraicinn a bheith ar X (roimh... ) = to be in mortal fear (of...)
dá laghad = whatsoever
go bog íseal = softly, in a low voice
3 notes · View notes
briosca-sa-speir · 5 years
Text
An Prionsa Beag - caibidil 2.4
Ach ar ndóigh níl mo phictiúr baol ar bheith chomh hálainn leis féin.
Ní ormsa atá an locht. Chuir na daoine móra beaguchtach orm maidir le bheith i mo phéintéir, nuair a bhí mé sé bliana d'aois, agus níor fhoghlaim mé le haon rud a líniú, seachas boanna dúnta agus boanna oscailte.
Mar sin, d'amharc mé ar an bhfís seo romham agus mo dhá shúil ar bior le hiontas. Ná déanaigí dearmad go raibh mé míle míle ar shiúl ó aon chónaí daoine.
← previous | next →
-----------------------------------
nótaí:
baol = danger
locht = fault
maidir le = as for, about
línigh = to trace, delineate a figure
seachas = other than
fís = vision
mo dhá shúil ar bior = my eyes popping out of my head
le hiontas = incredulously
3 notes · View notes
briosca-sa-speir · 5 years
Text
An Prionsa Beag - caibidil 2.9
Agus dúirt mé suas leis:
— Sin é an cófra. An chaora atá uait, tá sí istigh ann.
Ach ba mhór an t-iontas a bhí orm nuair a tháinig loinnir sna súile ag an mheasúnóir beag seo agam:
— Sin é díreach mar a theastaigh uaim. Meas tú an bhfuil mbeadh mórán féir de dhíth ar an chaora seo?
— Cad chuige?
— Mar nach bhfuil ach áit an-bheag agam sa bhaile.
— Beidh sé mór go leor cinnte. Caora an-bheag a thug mé duit.
Chlaon sé a cheann i dtreo an phictiúir:
— Níl sí chomh beag sin uilig... Féach! Tá sí ina codladh...
Agus is mar sin a chuir mé aithne ar an phrionsa beag.
← previous | chapter 3 →
-----------------------------------
nótaí:
abair suas le X = to tell somebody (sth) straight to their face
cófra = chest
loinnir = light, brightness, radiance
measúnóir = judge (lit. assayer)
cad chuige = cén fáth
claon = to bend, incline
i dtreo = towards
uilig = quite
1 note · View note
briosca-sa-speir · 5 years
Text
An Prionsa Beag - caibidil 2.8
D'amharc sé go cúramach orm, agus ansin:
— Ní hea! Tá an ceann sin tinn. Déan ceann eile.
Tharraing mé liom:
Tumblr media
Tháinig aoibh an gháire ar mo chara beag, go caoin cneasta.
— An bhfeiceann tú... ní caora é sin, is reithe é sin, is reithe é. Tá adharca air...
Rinne mé mo líníocht arís:
Tumblr media
Ach ní ghlacfadh sé leis, ach oiread leis na cinn roimhe.
— Tá an ceann sin róshean. Caora atá uaim a mhairfeas i bhfad.
Ag an phointe sin, agus mé i ndeireadh na foighde, mar bhí deifir orm chun m'inneall a bhaint dá chéile, bhreac mé síos an pictiúr seo:
Tumblr media
← previous | next →
-----------------------------------
nótaí:
aoibh an gháire (a theacht ar X) = a beaming smile
go caoin cneasta = gently and indulgently
reithe = ram
glacadh le rud = to take, accept sth
ach (an) oiread le = any more than...
mhairfeas = mhairfidh (to live, last)
foighde = foighne (patience)
m'inneall a bhaint dá chéile = to take my engine apart
bhreac síos = scrawled down
1 note · View note
briosca-sa-speir · 5 years
Text
An Prionsa Beag - caibidil 2.2
An chéad oíche mar sin chuaigh mé a chodladh ar an ghaineamh míle míle ar shiúl ó chónaí daonna. Bhí mé chomh scartha amach le duine ar briseadh a long agus é ar rafta i lár na farraige móire. Samhlaígí daoibh féin mar sin an t-ionadh a bhí orm, ag breacadh an lae, nuair a mhúscail glór beag aisteach mé. Séard a dúirt sé:
— Le do thoil, déan pictiúr de chaora dom!
— Cad é?
— Déan pictiúr de chaora dom.
← previous | next →
-----------------------------------
nótaí:
rafta = raft
samhlaigh = to imagine
ionadh = surprise, astonishment
múscail = to wake
aisteach = peculiar
1 note · View note
briosca-sa-speir · 5 years
Text
An Prionsa Beag - caibidil 2.1
Chaith mé mo shaol i m'aonar mar sin, gan duine ar bith agam le mo chaint a dhéanamh leis dáiríre, go dtí an lá a tháinig mé anuas i ngaineamhlach an tSahára. Rud éigin a bhris in inneall m'eitleáin. Agus ó tharla nach raibh meicneoir liom, ná paisinéirí, thug mé faoin rud a chóiriú ar mo chonlán féin, cé go raibh sé deacair.
Ceist beatha nó báis a bhí ann dom. Is ar éigean a bhí a oiread uisce agam agus a choinneodh ag ól mé go ceann ocht lá.
← previous | next →
-----------------------------------
nótaí:
gaineamhlach = sand desert
ó tharla go = since, given that
paisinéirí = passengers
cóiriú = mending, repairs
ar mo chonlán féin = of my own accord
cé go = although
ar éigean = barely, hardly
oiread = amount
a choinneodh ag ól mé = to let me keep drinking
1 note · View note
briosca-sa-speir · 5 years
Text
An Prionsa Beag - caibidil 2.7
Ó tharla nach ndearna mé pictiúr de chaora riamh, tharraing mé arís ceann den dá phictiúr a bhí ar mo chumas. An boa dúnta. Agus bhí mo sháith iontais orm nuair a thug an firín seo de fhreagra orm:
— Ní hea! Ní hea! Ní eilifint taobh istigh de bhoa atá de dhíth orm. Bíonn boa an-dainséarach agus tá an eilifint an-amscaí. Áit an-bheag atá agam sa bhaile. Caora atá uaim. Déan pictiúr de chaora dom.
Mar sin, thosaigh mé ag tarraingt.
Tumblr media
← previous | next →
-----------------------------------
nótaí:
a bhí ar mo chumas = a bhí féidir liom
bhí mo sháith iontais orm = I was really surprised (sáith = enough, plenty)
rud a bheith de dhíth ar X = to need sth
amscaí = awkward, cumbersome
0 notes