Tumgik
#athchoimre don bhliain
robynnagael · 5 months
Text
Ceapaim go bhfuil mo chuid Gaeilge ceart go leor ag an bpointe seo. Ní minic go ndéanaim dearmad faoi na hathruithe tosaigh, ní bhíonn mé in ann cupla daoine a thuiscint nuair a bhíonn siad ag labhairt go ró-thapa scaití, ach tá mé i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí mé bliain ó shin.
Bliain ó shin, ní raibh a fhios agam go n-úsáidtear foirmeachaí difriúla de bhriathra agus ainmfhocla, nó go n-úsáidtear athruithe tosaigh difriúla sna trí phríomhchanúintí. Ní raibh a fhios agam cén chaoi an modh coinníollach nó an aimsir ghnáthchaite a úsáid. Ní raibh a fhios agam cén chaoi na athruithe tosaigh a dhéanamh fiú! Déan dearmad ar cén chaoi a oibríonns fuaimniú i nGaeilge Chonamara!
Bhíodh blas galltach orm, ansin bhíodh blas beagnach Muimhneach orm, anois tá blas Conamarach orm. Úsáidim foirmeachaí táite san aimsir chaite agus le haghaidh "bí" san aimsir láithreach don tríú phearsa iolra (m. sh. "tádar", "cheannaíodar", "chuireadar", srl). Bhínn ag cur urú i ndiaidh "den" agus "don" ar nós gurb as an Daingean mé. Anois ní dhéanfainn é sin ach amháin dá mbeinn ag iarraidh dallamullóg a chur ar duin-icínt go bhfuil Gaeilge Chiarraíoch agam.
Ar aon nós, sin an chaoi a chuaigh mo bhliain-sa leis an nGaeilge.
@solasgheal do sheal.
14 notes · View notes
solasgheal · 5 months
Text
Achoimre don bhliain (do mo chuid Gaelainne)
Bhuel, rinne Robyn ceann dena rudaí seo, mar san is dócha gur cheart dom freisin. Nílim ró-chinnte cad ba cheart dom a rá mar 'sí seo an chéad teanga a d'fhoghlaim, agus an chéad uair i mo shaol gur féidir liom rud ar bith mar so a scríobh. Ach ar aon nós; mar a shílfeá, tá mo chuid gaelainne i bhfad níos fearr ná a bhí sé díreach anuraidh, mar anois is féidir liom í a labhairt agus a scríobh ar a laghad. Ach nílim chun a rá nach raibh gaelainn ar bith am roimhe seo, díreach mar is gnáth do gach duine i ngallscoileanna, bhí sé ar nós go rabhamar inár dtosaitheoirí go deo, níos lú ná A1 fiú. Ní raibh a fhios agam fiú an raibh aon duine sa thír seo á labhairt, nó an raibh úsáid ar bith inti, agus go ginearálta, ní raibh suim ar bith agam sa theanga so in aon chor. Ach mar gheall ar an bpobal i bhfreastalaithe mar Celtic Languages agus áiteanna eile ar Dhiscord, spreagadh mé chun í a fhoghlaim, nó iarracht a dhéanamh chun mo chuid-sa a fheabhsú ar a laghad. Agus níl aiféala ar bith orm gur fhoghlaim mé í. Tá a lán rudaí i mo shaol anois (ar líne agus i bhfiorshaol) nach mbeadh mar an gcéanna munar thosaigh mé a bheith á foghlaim. Ach ar aon nós, cad a d'fhoghlaim mé go dtí anois? Bhuel a lán rudaí! An tslí nach ionann an blas a úsáidtear i nGaelainn, agus an ceann a úsáidtear i mBéarla, conas a labhraíonn tú i mbealach níos nádúrtha, conas is féidir liom taitneamh níos mó a bhaint aisti, agus bhuel, conas a labhraítear ⁊ scríobhtar í. Ach tá a lán rudaí agam le foghlaim fós, ar ndóigh, mar shampla níl mo bhlas an-mhaith, is minic a dhéanaim dearmad ar rudaí bheaga díreach mar gheall ar an slí nach mbím á úsáid chomh minic is ba cheart, agus níl mo stór focail an-mhaith fós, ach ceapaim go bhfuilim ag cur feabhas ar mo chuid gaelainne, agus gur chuireas fheabhas uirthi i mbliana. Agus, 'sé seo an sampla is fearr den iarracht a rinneas chun í a fhoghlaim agus na torthaí de (cé go bhfuil lán le botúin is dócha), agus tá súil agam nach mbeidh sé seo ina shampla is fearr go deo, ach go mbeidh sampla níos fearr agam le thaispeáint sa bhliain seo chugainn! Ar aon nós, uh, sin é m'achoimre, is dócha go raibh sé níos cosúil le mise ag moladh an teanga agus ag déanamh rud ar bith eile ach nílim ró-chinnte conas a dhéantar na rudaí seo is a leithéid. Pé scéal é, grmma má léis an teachtaireacht ar fad! Bíodh nollaig dheas agaibh! (⌒ω⌒)ノ
@robynnagael an bhfuilir sásta anois ;-;
7 notes · View notes