Blag dírithe ar ceol gaelach úr, go háirithe ar bannaí ceoil mar IMLÉ.
Don't wanna be here? Send us removal request.
Text
Ag súil go mór leis an t-amhrán so!
youtube
4 notes
·
View notes
Text
CATHAIN A BHÍ EVE BELLE FÓS AG CUMADH CEOIL I nGAELAINN CONAS NÁ FEACAS SEO?
3 notes
·
View notes
Text

Ó- CEART GO LEOR IS COSÚIL GO BHFUILID DOM LEANÚINT ANOIS?
4 notes
·
View notes
Note
Tá an ep imlé amuigh!! Do chuid smaointe?
Grmma as an meabhrúchán go rabhas in ainm póstáil a scríobh don blag so maidir leis an EP nua! Bhuel, más é mo chuid smaointe atá á lorg agat, seo í:
[ALBAM NUA] - TAOILLE le hIMLÉ, fé dheireadh, tá sé ann.
Fé dheireadh, tar éis míonna de póstáileacha instagram ⁊ tiktok, "blaiseadh beag" d'amhrán nua a bhí in ainm a bheith insan albam nua, táimse fé dheireadh in ann sibh a chur le fhios go bhfuil an t-albam úrnua IMLÉ, "TAOILLE" tar éis teacht amach ar an Aoine, agus ar ndóigh, tá a lán le rá fé!
Ach ar dtús báire, cad iad na hamhráin atá san albam so lena rabhamar ag tnúth chomh mór leis seo? Bhuel, ar an iomlán, tá 7 amhrán san EP nua, beagáinín níos lú ná a shíleas féinig ach fós níl sé ró-dhóna. Desna hamhráin sin, tá 3 cinn nua ann; Órga (le Róisín), Éasca (le Róisín)⁊ Timpeall Arís (le Róisín agus James), amhráin a phléifear níos déanaí sa phóstáil seo. Agus maidir leis na hamhráin eile ní cuirfeá iontas ar éinne gurb iad As Do Cheo, Mise, Cathain, agus Sláinte, amhráin a dúras féinig go mbeadh san albam nua i bpóstáileacha eile.
Anois, is dócha gur cheart dom mo chuid tuairimí a insint daoibh, agus mise tar éis an t-albam nua a chur in aithne daoibh cheann féinig. Tá an t-albam nua so, GO HIONTACH.
Agus Ó A DHIA, CANATHAOBH NÁ FUIL IMLÉ AR EUROVISION?
Cgl, tógfad go bóg é anois- ach a dhia, nílim ró-chinnte agus mise á scríobh so fé láthair cad ba cheart dom a rá, fiú muna bhfuil ach 3 amhrán nua ann táid i bhfad Éireann níos fearr ná a shíleas riamh go mbeidís. Mar shampla; Éasca, gan amhras ar bith seo é an t-amhrán de chuid Róisín is fearr liom anois, díreach beagáinín níos fearr ná Órga. Ag úsáid stíleanna a chítear go minic sna laethanta so in amhráin Béarla, ba cheart le gach duine ná éistíonn le hIMLÉ cheanna tosnú leis an dá amhrán iontach so. Is beite dom caint fé Timpeall Arís anois, is maith an amhráin é gan amhras agus mar an chéad amhrán san albam? Is aoibhinn liom é, tá sé i bhfad Éireann níos difriúla ná an chuid is mó desna hamhráin IMLÉ (agus amhráin go ginearálta) leis, is dócha toisc gurb meascán é idir stíleanna James agus Róisín. Ach anois agus mé ag caint fúthu, is rud fíor suimiúil é go bhfuil na hamhráin ar fad san albam leis na stíleanna céanna, abair tá stíl/vibe soiléir ag na cinn James agus stíl eile ag na cinn Róisín. B'fhéidir gurb iad so na stíleanna ar cheart dúinn a bheith ag súil leo sa todhchaí as so amach? Nó an rud a bhaineann leis an albam so agus é amháin é? Is cosúil ná beidh 's againn don am anois.
Is féidir éisteacht leis an albam ar fad ar Youtube Music, Spotify, agus Bandcamp.
Bhuel, sin an méid a bhí le rá agam, agus mo bhrón go raibh sé chomh déanach! Do bhíos thar a bheith gnóthach san fhíorshaol faraor! Cad a cheapann sibh fén albam nua ar aon nós? Inis dom!
♡ ~ Grma as so a léamh! ~ ♡
7 notes
·
View notes
Text
[Nuacht ⁊ Plé ] TAOILLE, an ré nua do IMLÉ 3.0 atá beagnach anso
Ar dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil brón an domhain orm ná rabhas ag scríobh chomh minic agus gur cheart dom a bheith! Faraor do bhíos ró-ghnóthach le rudaí a bhaineann lem shaol féinig chun díriú ar na póstáileacha so, ach, is cosúil go bhfuil (fé láthair ar a laghad) fé dheireadh, thar n-ais! Agus a lucht léite, tá nuacht ollmhór agam daoibh! Dona léitheoirí a bhí ag léamh mo chuid póstáileacha fadó, ba chóir go mbeadh 's agaibh go raibh an banna ceoil IMLÉ tar éis a rá go rabhadar ag súil le halbam nua a chur amach ag pointe éigin. Áfach, nuair a chuireadh muid le fhios go raibh an t-albam so á dhéanamh, ní raibh 's againn an mbeadh sé ag teacht amach i 2024 nó i 2025. Ach anois agus 2024 thart, cinntíodh gurb é an bliain seo a bhí i gceist, agus mar gheall air sin is cosúil gur cheap IMLÉ gur cheart dóibh níos mó nuacht a thabhairt dúinn fé agus a n-albam beagnach réidh le heisiúint. Ach, cad é an nuacht san?
Bhuel, b'fhéidir gur cheart dom tosnú leis an nuacht is mó atá curtha amach acu... beidh an albam nua ag teacht amach sa mhí seo chugainn ar an 14�� Márta. Do léis i gceart é sin, an t-albam féna rabhamar ag déanamh teoiricí go dtí anois, ag teacht an mhí seo chugainn. Agus ní hé sin an t-aon rud bhí curtha in iúl dúinn, ach táid tar éis ainm a thabhairt ar agus a nochta don albam: "TAOILLE". Chomh maith leis, sa fógra céanna ina bhí sé fógartha gurb é sin a bhí in ainm a bheith mar ainm an albaim thaispéanadar cén saghas ealaíne a bheith ann don albam, is féidir é a fheiscint thíos.
instagram
Agus anois, an cheist is mó, cad iad na hamhráin go mbeadh le fheiscint i dTAOILLE? Bhuel, ceapaimse fhéinig ar a laghad go mbeidh; - Cathain (An leagan 2024) - Sláinte - Mise - As Do Cheo ann, ach chomh maith leo sin, ar a hInsta cuireadh muid le fhios go mbeidh amhrán nua IMLÉ darb ainm "Timpeall Arís" (seo é an t-amhrán a bhí san bhlaiseadh beag a thugadar dúinn a bhí á phlé agam sa phóstáil seo!) ag teacht amach go luath leis, ceann dó gur féidir linn buile fé thuairim a thabhairt is a rá go mbeidh sé san albam nua leis. Taobh amuigh dena hamhráin sin, ceapaim go bhfuil seans láidir ann leis go mbeidh an t-amhrán Ceoláin Saor san albam nua, go háirithe agus é cinntithe dúinn anois mar gheall ar na hamhrán nua Clagarnach ó Ceolán a bhíonn ag teacht amach sna laethanta so. Bhuel, sin é anois, cad a cheapann sibh fén albam agus an t-ainm atá air? Inis dom sa replies! Ba mhaith liom níos mó póstáileacha a scríobh is a chur ar an mblag so sa todhchaí leis mar san má bheidh aon nuacht eile ann, inseod daoibh!
♡ Grmma as seo a léamh! ♡
17 notes
·
View notes
Text
[Nuacht ⁊ Plé] Amhrán nua IMLÉ eile?
Má fhéachann tú ar scéal Róisín Seoighe, is cosúil go mbeidh amhrán nua IMLÉ á chasadh acu ina gcuid ceolchoirmeacha, ceann nár chualamar riamh roimhe seo! Nílim féinig ró-chinnte cén ainm a bheidh ar an amhrán so go fóill afách, ach leis an méid atá cloiste agam, is cosúil gur rud éigin cosúil le "Cá bhfuil an faoiseamh" é. Mar a dúras i mo phóstáil eile, leis an méid amhráin nach bhfuil foilsithe ar Spotify nó na hardáin mhóra eile go fóill, is cosúil go bhfuil IMLÉ ag ullmhú chun albam nua de saghas éigin a chur amach. Ach an mbeidh an ceann so ann? Bhuel, má tá sé críochnaithe (agus mar gheall ar an tslí go mbeidh siad á chasadh i gceolchoirm, tá sé), tá seans iontach maith ann go mbeidh, agus chomh maith leis sin, tá seans maith ann go mbeidh an leagan nua de Cathain a d'fhill tú ó Shasana (Cathain?) ann leis. Ach cad a cheapann sibh?
5 notes
·
View notes
Text
[AMHRÁN NA MÍOSA] - Caoineadh faoi bhainne doirtithe le Rís
Mo bhrón nach rabhas in ann an amhrán na míosa don mí seo chaite a roinnt libh! Do bhí seo in ainm a bheith mar an t-amhrán san, ach, do cheapas go mbeadh sé níos fearr don Deireadh Fómhair. Mar sin féinig, 'sé amhrán na míosa do mí Dheireadh Fómhair ná: Caoineadh faoi bhainne doirithe. 'Sé Caoineadh faoi bhainne doirtithe ná an 5ú amhrán san albam "Sa Leaba le Groucho" a chum an banna "Rís" i 2019. Faraor, ní dheineann an banna Conamarach so mórán rudaí sna laethanta so in aon chor, nó ar a laghad, is rud deacair é a fháil amach cad atá á dhéanamh acu má táid ann fós fiú. Pé scéal é, is féidir éisteacht leis an t-amhrán so ar a gcuntas Spotify, Youtube Music, agus Amazon Music.
8 notes
·
View notes
Text
Cad a cheapann sibh fén amhrán nua IMLÉ?
Do chuir IMLÉ leagan nua dena n-amhrán "Cathain a d'fhill tú ó Shasana?" amach le déanaí, muna bhfuil sé cloiste agaibh, is féidir libh éisteacht leis anso! (Níl sé ar Spotify ná Youtube, fiú agus iad ar fáil níos luaithe ar na hardáin sin? Tá sé ar Bandcamp fós afách!)
11 notes
·
View notes
Text
Bead ag teacht amach le nuacht fén albam Súil amháin nua amárach! Níor dheineas dearúd air!
3 notes
·
View notes
Text
Haigh a dhaoine!
Mo bhrón nach bhfuilim ag cur amach an méid rudaí céanna is a bhí á chur agam nuair a thosnaíos an blag so, ach táim beagáinín gnóthach le scoil fé láthair agus na rudaí a bhaineann léi. Ach ná bíodh buartha oraibh, cuirfead an t-amhrán don mí seo go luath agus tosód ag cur amach nuacht fén ndomhan ceol gaelach arís is dócha sa sheachtain seo chugainn! Ach anois, má tá aon moltaí ag éinne do rudaí gur féidir liom a chur suas anso, inis dom! Grmma ~ ♡ Niamh ♡
7 notes
·
View notes
Text
[Nuacht ⁊ Plé] - Albam nua IMLÉ ag teacht go luath?
Munar chualais cheanna féinig, tá albam/EP nua á dhéanamh ag IMLÉ fé láthair, ceann a bhfuilid ag iarraidh a chur amach san fhómhar. Do chuireadar a lucht leanúna le fhios fé roimh an Fleadh Cheoil i mbliana ina bhíodar ag seinnt cuid dena hamhráin nua. Faraor, ní rabhas in ann taifeadadh ar bith dena gceolchoirm a aimsiú, agus ní rabhas ann leis, mar gheall air sin beidh orainn brath ar na físeáin ar a gcuid cuntais meáin shóisialta cheanna féinig chun smaoineamh de saghas éigin a fháil fé cén saghas albam a bheidh siad ag cur amach. Bhuel... ar cad atá 's againn? Ar dtús báire, beidh sé ag teacht amach riomh deireadh an fhomháir, níl 's againn go fóill cathair a bheidh sé ag teacht amach ach, más rud é go bhfuil cuid mhaith de, nó an albam ar fad déanta acu, tá seans maith ann go mbeidh sé ag teacht amach sa mhí seo chugainn. Maidir leis na hamhráin iad féinig, ba cheart dúinn féachaint ar cén amhráin atá 's againn go bhfuil acu, nach bhfuil curtha amach cheanna féinig. Na céad cinn gur féidir linn a bheith beagnach cinnte go mbeidh siad san albam nua ná dhá amhráin dona chuir IMLÉ "blaiseadh beag" dúinn ar a dTiktok.
Mar a chítear sna físeáin, is cosúil go mbeidh James Shannon ag cumadh ceoil le hIMLÉ fós, agus anois, mar ball de, rud a deimhníodh in agallamh a dhein IMLÉ le Meitheal Chléire i rith an Fleath Cheoil. Ag féachaint ar an stíl cheoil sna hamhráin nua so, tá seans maith ann leis go mbeidh Sláinte mar cuid den albam nua, fiú agus é curtha amach cheanna féinig. Tá seans ann leis go mbeidh an amhrán Saor, amhrán a cuireadh ar Youtube sa thionscadal "Ceolán" nach bhfuil ar fáil ar aon ardán mar Spotify go fóill. Ní cheapaim gur dócha é seo toisc nár chuir bannaí eile mar Grooveline a gcuid amhráin gaelainne nua ó Ceolán ar aon ardáin eile leis, rud a chuireann mé ag creidiúint gur rud a bhaineann leis an socrú idir na bannaí agus Stiúideo Cuan é. Fé láthair, níl a lán rudaí eile ann fén albam nua, ach má táid ag iarraidh é a chur amach go luath is dócha go mbeidh níos mó nuacht againn fé agus faoina hamhráin atá ann. Ach go dtí nuair a bheidh an eolas san againn, má tá taifeadadh den ceolchorim agat, nó eolas ar bith fén albam, inis dom agus cuirfead ar an mblag so é. ♡ Grmma as seo a léamh! ♡
9 notes
·
View notes
Text
[AMHRÁN NUA] - Siúlóid le Deoraí
Gan amhras dea-mhí is ea seo sa dhomhan ceol gaelainne. Tá an tionscadal/banna ceoil Deoraí tar éis a n-amhrán nua "Siúlóid" a chur amach. Fuaireamar fógraí faoin amhrán úr so roimh ré ar an gcuntas Twitter Deoraí, ach is cosúil nach raibh mórán fógraíocht ann fé taoibh amuigh de sin, mar gheall air sin 'sé Siúlóid ná an chéad amhrán Deoraí ó nuair a dheineadar a ndébut le "Coincréit Fhuar" atá gan físeán ceoil ar bith, fiú agus é ar fáil ar Youtube agus Youtube Music. De réir a Twitter, is cosúil go mbeidh siad ag cur stad leis na bhfíseáin anois ar aon nós, ach tá seans ann go mbeidh siad ag teacht ar ais b'fhéidir do albam úr nua. Is féidir éisteacht leis ar Spotify, Apple Music, Youtube Music, agus a lán áiteanna eile. Do ardáin eile, tá an liosta ar fad le fail anso.
8 notes
·
View notes
Text
[AMHRÁN NA MÍOSA] - Suantraí Meisciúil le Janet Devlin
Haigh a dhaoine! Rud beag go mbead ag déanamh gach mí as so amach ná ag moladh daoibh amhrán mar "amhrán na míosa". Seo iad na h-amhráin a cheapaim féinig gur cheart daoibh éisteach leo nó go bhfuil foirfe don mhí sin. Ar aon nós, don mí Lúnasa, 'sé ár n-amhrán na míosa ná: Suantraí Meisciúil le Janet Devlin. Do tháinig an t-amhrán so fé fhás aníos amach 7 bliain ó shin mar an leagan gaelainne den t-amhrán "Whiskey Lullabies". Tá sé ar fáil ar Youtube Janet Devlin agus ar a cuntas Spotify.
8 notes
·
View notes
Text
[ALBAM NUA] - Thread le hAmano
Geallta dúinn ar tús mí an Mheithimh, fé dheireadh, tá an chéad albam le hAmano ó nuair a tháinig sí ar ais go dtí an domhan ceoil, ar fáil ar Spotity. Ach cad é an t-albam nua so? Mar a dúirt cheanna, 'sé an chéad albam ón ceoltóir leath-seapánach so a dhein sí riamh, agus an chéad rud a bhaineann leis an gceol in aon chor a dhein sí ó nuair a stad sí ag cur amach rudaí timpeall ar 8 bliain ó shin. Maidir leis an séanrá, tá a lán focail ann is féidir a chur ar an t-albam nua so, ach ar a cainéal Youtube féinig do thug Amano "Alt-Electro-Gaeilge-Pop, or something like that" air ina leathanach pobail. Go ginéaralta is dearud é go bhfuil ceoltóir nua ag déanamh a debut sa dhomhan ceoil gealach, rud a bhíonn ag tarlú go minic sna laethanta so (mar a chítear le ceoltóirí nua mar SÉiMí) agus rud atá súil agam go tarlóidh fós sa todhchaí.
18 notes
·
View notes