Tumgik
#ficsean leanúna
apaelfwine · 1 year
Link
Ginny agus Hermione ar bhruach an locháin, ag caint go cairdiúil fá dtaobh de mionsonraithe staire, teoiric draíochta, agus Tiarnaí Dorcha.
#
Tráthnóna geal fearthainneach Bhealtaine a bhí ann agus deora báistí ag breacadh ar bharr an Locháin Dhuibh. Nuair a tháinig Hermione Granger agus Ginny Weasley síos ó Chaisleán Hogwarts thart fá neoin agus blaincéad á leathadh acu fá scáth chrann darach, bhí an Scuid Mhór suas ag déanamh bolg le gréine.
Fiche bomaite ina dhiaidh, áfach, nuair a thosaigh sé ag cur, thum sí síos amhail is gur tháinig stuaic uirthi. Nach ait go bhfuil ainmhí mara mí-shásta le giota beag báistí? a dúirt Hermione léi féin.
Ó, bíodh ciall agat, a chailín! Níl a fhios agat go bhfuil sí ag tormas. Is chomh dócha go n-imríonn sí cluiche an madaidh rua agus na géanna leis na Murúcha gach ré tráthnóna,  mar a deireann Luna.
Bhí an bheirt dheas thirim, ar aon nós, a bhuí leis an gheasróg uiscedhíonach a chuir Hermione ar ghéaga an chrainn, agus chaith siad an tráthnóna is suaimhní a ba chuimhin léi le fada an lá. D’ith siad ceapairí agus borróga agus d’ól siad tae, ag caint go héadrom fá gnáth-chúrsaí an tsaoil, agus ina dhiaidh sin luí siad síos ag léamh i gciúnas compordach cairdiúil, ar nós na tráthnónta a bhí acu le linn a n-óige. In ainm Dé, a Hermione, ní dhearna tú an Ardteist go fóill. Ná cur i gcéill gur sheansaighdiúir bricliath thú nuair nach bhfuil tú naoi mbliana déag fós. Níl tú cinnte fiú gur mharaigh tú duine ar bith... gur bhuail tú an t-aon bhuille marfach air, ar aon nós.
Léamh a thuilleadh
3 notes · View notes
pansnovydinnia · 1 year
Text
Dia dhuit!
Scríobhaim ficsean lucht leanúna i Úcráinis.
Is breá liom an Ghaeilge go mór. Ba mhaith liom duine a aimsiú chun mo chuid fanfics a aistriú go Gaeilge. 🥺
Tumblr media Tumblr media
Tuigim gur tairiscint an-aisteach é seo. Tuigim gur ar éigean a aontaíonn éinne.
Ach ba mhaith liom iarracht a dhéanamh! 🐱
Tumblr media
3 notes · View notes
ao3feed-snape · 6 years
Text
Scéal Scáthaigh
read it on AO3 at https://ift.tt/2JTqcrQ
by ap_aelfwine
Minerva McGonagall: Máistreás Tarmchruthaithe, Leas-phríomhoide, seanmhaighdean. Sin an méid, nach bhfuil?
Sna Daichidí, áfach, bhí sí ina saighdiúir, ag troid in aghaidh Grindelwald agus a Ridirí Walpurgis. Bhí sí cinnte go raibh scéal a hóige faoi cheilt...
(Note to those who don't have Irish: don't come complaining because I've provided no translation. That's not happening until I've finished the story.)
Words: 1671, Chapters: 1/1, Language: Gaeilge
Fandoms: Harry Potter - J. K. Rowling
Rating: Mature
Warnings: No Archive Warnings Apply
Categories: F/F, F/M
Characters: Minerva McGonagall, Severus Snape
Relationships: Hermione Granger/Harry Potter, Minerva McGonagall/Male/Female
Additional Tags: Hogwarts Seventh Year, Patronus, Alternate Universe - Canon Divergence, The Forties, War, as Gaeilge, i nGaeilge, Ficsean Leanúna, Irish Language, No English translation available
read it on the AO3 at https://ift.tt/2JTqcrQ
0 notes
apaelfwine · 2 years
Text
Mar a Fuair Cú Chulainn Síob go Cuaille
Tráthnóna álainn fómhair bhí mé i mo shuí i dTeach Abeba, an siopa caife is ansa liom in Eamhain Mhacha, agus mé ar mo sháimhín só, nuair a tháinig Cú Chulainn isteach. D’aithin mé ar an toirt go raibh mo dhuine réidh le gar a iarraidh orm. Bhrú mé mo shrón ar ais san iris seandálaíochta a bhí á léamh agam, agus ghuigh mé Rí na Glóire agus Muire na nGrást go raibh dul amú orm. D’fhéadadh nach bhfuil sé anseo ach chun cailín a bhréagadh, an barista álainn úr as Corcaigh, abair.
Tá seanaithne agam air, an dtuigeann tú? Casadh dúinn lena chéile ar an mheánscoil nuair a chonaic mé dalta céad bhliana agus stócach mór láidir sa cheathrú bhliain—mar a bhí mise ag an am—ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Rinne mé iarracht teacht eatarthu leis an leaid beag a shábháil... ach mar a tharla ba é mo pháirtí ranga a fuair an greadadh.
D’fhoghlaim mé níos déanaí go raibh Séadanda Mac Neasa ag staidéar ealaín chomhraic faoi stiúir an traenálaí cháiliúil Culann Mac Gabhainn ó bhí sé sé nó seacht mbliana d’aois. Sin mar a fuair sé an leasainm a thugann achan duine—lasmuigh dá athair, Sualdamh Mac Róich, agus dá mháthair, Deichtine Nic Neasa—air, fiú a uncail, Conchúr Mac Neasa, Ardthiarna Uladh.
An gcuirfeá locht air? Ainm ar nós Séadanda... bhuel, d’fhéadadh go ndéarfá nach bhfuil ceart cainte agam féin agus Lao Mac Rianghabhra orm.
Aidhe, caithfidh mé a admháil go bhfuil gaol i bhfad amach idir mise agus Cú s’againne. De shliocht laochra na Craoibhe Rua muidne, de shliocht na tiarnaí agus na ridirí a chuir ruaig ar na Normannaigh agus—ar mhaithe an bhráithreachas Cheiltigh, mar a scríobhadh i seanleabhair scoile, nó ar ghrá na creiche, mar a maíonn staraí an lae inniu—a sheol trasna Mhuir Éireann le troid in éadan na Sacsanach nuair a chuir ríochtaí Gwynedd agus Rheged Athghabháil na Breataine i gcrích. De shliocht na saighdiúirí uaisle a d’iompair Gall Gréine na hÉireann ar fud an domhain agus a chloígh Forghabhálaí na Baváire sa Chogadh Eoráiseach, mar a chuireann Daideo i gcuimhne domh gach uair a bhfaigheann sé deis.
Ainmneacha seanfhaiseanta... laethanta saoire scoile á gcaitheamh againn i dtithe móra seanchaite i gcuideachta seanóirí a raibh níos mó eolas acu ar mhionsonraí stair mhíleata na Meánaoise ná ar rud ar bith a tharla sa chéad seo... seanscéal uaisle na hÉireann agus meirg air, tá a fhios agat.
Chuala mé gliogaireacht na slabhraí amaideacha ar an tseaicéad leathair a bhíodh á chaitheamh aige le déanaí, amhail is dá mbeadh Macdara Mallaithe nó punc-cheoltóir eile ó na seachtóidí ann, agus thuig mé go raibh sé ag teacht i mo threo. Ba mhór an trua nach raibh clóca draíochta agam mar a bhí ag an leaid—Harri y Crochenydd, nó ainm mar sin—sna leabhair fantaisíochta ón Bhreatain a bhíodh mo dheirfiúr is óige gafa leo, chun go bhféadfainn dul i bhfolach.
Shuigh sé síos ag an bhord in aice liom, gan chuireadh gan iarraidh. “Tráthnóna maith duit, a Lao, a bhráthair. Caide mar atá tú?”
D’amharc mé go géar air, ach sula dtiocfadh liom focal a rá tháinig iníon an úinéara chugainn, tráidire ina lámha. Leag sí pota úr caife ar an bhord dharach smolchaite, agus cupán glan do Chú Chulainn. “Go raibh maith agat, a Mhakeda” ar seisean, agus rinne sí meangadh gáire leis, a haghaidh álainn chrón lasta le phléisiúr mar a bheadh Oisín Óg ann in áit rógaire ceart críochnaithe agus gruaig thrídhathach air.
“Mura miste leat, d’ordaigh mé pota dúinn beirt.” Líon sé mo chupán le caife sula dhoirt sé a chuidse. Duine múinte go smior é, ar a bhealach féin. "Im?"
Gan smaointeamh, thóg mé an babhla a shín sé chugam agus chuir mé prionta beag ime i mo chaife. “Cad é a thug anseo thú, a Chú?”
Chrom sé ar a chupán féin—é ag cur daba mór meala ann, ar nós páiste—agus chorraigh sé é. “An gá cúis a bheith agam caint le seanchomrádaí dílis?” D’ardaigh mé mo mhala, agus lig sé osna as. “Bhuel, mar a tharlaíonn... Aon seans go dtiocfadh leat síob a thabhairt domh ag deireadh na seachtaine, le do thoil?”
“Dáiríre? Do charr á dheisiú arís, an ea? Agus an carr eile chomh maith?”
“Bhuel...”
“Cad é a rinne tú anois?”
Tháinig cuma na náire air. Is annamh an rud é sin, mise á rá leat. “Tá cosc tiomána orm. Sé mhí, an gcreidfeá?”
D’amharc mé suas chun na bhflaitheas. “Agus é tuillte ort gan amhras, a mhic-ó.”
“Débhealach a bhí ann, in ainm Dé! Bhí mé sách cinnte nach raibh an teorainn luais chomh íseal sin. Níl sé féaráilte in aon chór.”
“Agus an t-am roimhe sin?”
“Tá a fhios agat féin céard a dúirt an cladhaire Connachtach úd Feilimí Mac Eochaidh. ‘Gliogar gránna de sheancharr spíonta,’ a thug sé ar Liath Mhacha s’agamsa! Ar onóir Uladh amháin a chuaigh mé ag rásaíocht leis! Cad chuige faoin spéir nár thuig an breitheamh go raibh mé ag cosaint chlú ár gcúige? Mar is dualgas liom ó bhroinn!”
Chroith mé mo chloigeann. “In ainm Chroim, a Chú, tá Ríocht na hÉireann ina monarcacht bhunreachtúil le trí céad bliana anuas.”
Rinne sé comhartha gáirsiúil. “Fuair mé pas le gradam in Oideachas Saoránach, creid nó ná creid.”
Chreid mé, déantar na fírinne. Tá intleacht mhaith ag Cú s’againne, cé gur annamh a mbíonn sí á húsáid aige le rud ar bith a dhéanamh seachas cliúsaíocht le iarrthóirí PhD. “Mar sin, caithfidh go bhfuil tuiscint agat nach bhfuil ceart éirice nó cód na laochra nó a leithéid de raiméis ann níos mó. Níl cead raide agat, d’ainneoin gur nia Thiarna Uladh thú. Nó aigesean, d’ainneoin gur mac Bhantiarna Chonnachta é féin.”
“Ar son Uladh...” ar seisean faoina anall.
Rinne mé mo dhícheall cur i gcéill nár chuala mé é. “Agus roimhe sin?”
“Níor thiomáin mé ach tríocha ciliméadair thar an teorainn... agus nach álainn í an garda a tharraing i leataobh mé? Theip orm áitiú uirthi an ticéad a scriosadh, ach mar sin féin bhí sí breá sásta dul amach liom an Satharn ina dhiaidh sin. Fuair mé luach an ticéid agus tuilleadh ar an oíche úd, creid uaimse é, a chailleach.”
Sin é Cú Chulainn agat. Fear mór na mban é, d’ainneoin an chlúimh nár fhás fós air. De réir na cosúlachtaí, tá dúil ag cailíní an lae inniu i stócaigh dathúla ar nós na mboc sna mbannaí buachaillí.
Bhuel, níl mé ag gearán. Tá neart ban ann go fóill nach bhfuil dall ar an fhéasóg fhearúil s’agamsa, geallaim duit.
Lig mé osna uaim. “Maith go leor, a Chú. Más rud é nach bhfuil cead tiomána agat, cad chuige faoin spéir go bhfuil tú ag iarraidh síbe uaimse? Cé mhéad tiománaithe gairmiúla a bhfuil fostaithe ag Clann Mhic Neasa, nó ag do dhaid go pearsanta?”
Chuir sé strainc air féin. “Cuireann siad uilig Séadanda orm! Bhraithfinn mar a bheinn faoi chúram fheighil leanaí. Nach fearr comrádaí dílis a dtuigeann go bhfuil fear feasta ionam?”
“Más rud é go bhfuil, a mhic-ó.”
“Ó, cinnte, seanduine liath atá ionat, a Lao.”
Deamhan a fhios agam cad chuige ar ghéill mé dó, ach ghéill sa deireadh, go bhfóire Dia orm. Agus sin mar a tharla mé a bheith ag stiúradh Mercedes maorga a thug mo dhuine Dubh Sanglainn air—ní ligfeadh an náire don Chú taisteal sa Citroën beag praiticiúil agamsa, agus ní ligfeadh an ciall domhsa tiomáint charr spóirt a bhíodh súil géar á choimhéad ag na gardaí air, amhail Liath Mhacha s’aigesean—chuig Ionad Comhdhála Cuaille agus Comórtas Tháin an Dá Tharbh, an tionól ealaín chomhraic is mó in Éirinn.
Thug mé fá deara le déanaí go raibh corpas fanfic ann don Táin, ach é uilig i mBéarla. Mar sin, ba léir go raibh dualgas orm an bhearna a líonadh. Ní bhfuair mé trácht ar bith ar AO3 go fóill agus an scéal seo ar an tsuíomh le mí anuas, agus mar sin rith sé liom gur chóir domh triail a bhaint as é a phostáil anseo.
5 notes · View notes
apaelfwine · 2 years
Text
Tháinig mé ar neart fanfic don Táin, ach faraor ní raibh fiú ceann amháin i nGaeilge. Mar sin, thuig mé go raibh orm an bearna a líonadh. Tá cosc tiomána sé mhí ar Chú Chulainn, agus an tionól ealaín chomhraic is mó in Éirinn ar siúil i gCuaille ag deireadh na seachtaine. Mar sin, téann sé ag lorg síbe ó Lao Mac Rianghabhra, a sheanchomrádaí fadfhulangach. (Irish-language fanfic: in a modern au of the Táin Bó Cuailgne, Cú Chulainn, under a six month driving ban, wants to travel to Cuailgne and compete in Ireland's largest martial arts tournament. Therefore, he begs a lift off his long-suffering childhood friend Láeg.)
1 note · View note
pansnovydinnia · 1 year
Text
вітанки! Dia duit!
я кохаю Бернарда Блека й дуже не люблю сам серіал "книгарня Блека", адже там моє миле сонечко Берні жахливо ображають. 😢
Is aoibhinn liom Bernard Black agus ní maith liom ar chor ar bith an tsraith "Black Books", mar gortaíonn siad go dona mo ghrian bheag Bernie ann. 😢
а це мій телеґрам-канал, тільки українською, на жаль:
Tá aistritheoir á úsáid agam!
користуюся перекладачем, аби постити ірландською!!
пишу фанфіки про мій найулюбленіший отп: Джон Константин/Бернард Блек. ось тут, на ао3, ви можете про них почитати (українськю):
Tá ficsean lucht leanúna á scríobh agam faoi ghrá John Constantine agus Bernard Black. Is féidir leat iad a léamh anseo:
мої пости про Берні можна знайти за теґами || Is féidir leat postálacha faoi Bernie a aimsiú trí chlib: #BlackBooks #BernardBlack #КнигарняБлека #БернардБлек.
мої пости ірландською мовою можна знайти за теґом || is féidir mo phoist Ghaeilge a fháil le clib: #Gaeilge.
🚩dni 🚩
росіяни, китайці. російська, китайська. ксенофобія будь-який її прояв (особливо гомофобія та трансфобія).
rúiseach, na síne. rúisis, briotanach, sínis. seineafóibe. go háirithe homafóibe agus trasfóibe, antiship, antipara.
Tumblr media Tumblr media Tumblr media Tumblr media Tumblr media Tumblr media
14 notes · View notes