R E P E A L
It’s not often I get to say this, but I’m so, so proud of my country right now. The last time I felt like this was when the results of the marriage equality referendum were announced in May 2015. I’ve been crying on-and-off with a combination of relief and happiness since the exit polls were relased last night, and it only intensified as the count went on today. My first thought on hearing those exit polls last night was ‘I am actually a citizen in this country now’ - because until now women were effectively second-class citizens in Ireland.
Thank you to everyone who worked for this, thank you to all the advocates for repeal, thank you so very much the Together for Yes campaign, especially Ailbhe Smyth and the obstetricians Professor Louise Kenny and Professor Mary Higgins who were absolute rock stars in that campaign.
And from the bottom of my heart, a massive thank you to everyone who voted YES in the referendum yesterday.
This is for Savita, and this is for all mná na hÉireann. Ní saoirse go saoirse na mban.
7 notes
·
View notes
What a weird, weird day to be an Irish woman.
THAT acquittal of THAT trial.
Those messages we can all recall from THAT trial.
Then, the date being set for the Referendum on the Eighth Amendment.
A bittersweet, painful day.
Mná an hÉireann - we are strong, and we are bold, and we are LOUD.
Ní Saoirse go Saoirse na mBan.
1 note
·
View note
Mairéad Ní Ghráda agus An Triail
le Deirdre Swain
Is é 2021 bliain chuimhneacháin céad bliain ó fuair Mairéad Ní Ghráda bás. Drámadóir, craoltóir, múinteoir agus gníomhaí ar son na Gaeilge ab ea í. Is fearr aithne uirthi as a dráma, An Triail. Rugadh Mairéad i gCnoc a’ Daingin i gCill Mháille, Co. an Chláir ar 23 Nollaig 1896. Bhí Gaeilge thart timpeall uirthi i gcónaí agus í ag fás aníos. Feirmeoir agus cainteoir dúchais ab ea a h-athair, agus b’uaidh a fuair sí a grá don Ghaeilge agus a tiomantas ar feadh an tsaoil d’athbheochan na Gaeilge. Bhí sé báite sa traidisiún béil, agus bhíodh sé ag aithris an dáin, Cúirt an Mheánoíche le Brian Merriman go minic. Bhí Mairéad éadócasach i dtaobh na teanga Gaeilge. Dúirt sí uair amháin go raith áthas uirthi nár bhain sí leis an nglúin a chaillfeadh an Ghaeilge go deo.
Theastaigh óna tuismitheoirí go gcuirfeadh sí deireadh lena cuid oideachais tar éis na bunscoile ionas go raghadh sí ag obair ar an bhfeirm. Níor tharla sé seo; ina ionad, chuaigh sí go dtí meánscoil in Inis. Bhuaigh sí roinnt duaiseanna mar scoláire, agus bronnadh scoláireacht Chomhairle Contae uirthi go Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, áit ar ghnóthaigh sí BA sa Ghaeilge, Bhéarla agus Fraincis agus MA sa Ghaeilge. Bhí sí i gCumann na mBan agus i gConradh na Gaeilge fad is a bhí sí ann. Cuireadh i bpríosún í uair amháin mar go raibh sí ag díol bratacha poblachtánacha ar Shráid Grafton, rud a mbíodh sí ag déanamh grinn de caoga bliain ina dhiaidh. D’oibrigh sí mar mhúinteoir agus ansan mar rúnaí príobháideach do Earnán de Blaghd, TD Chumann na nGael i gcéad Dáil an tSaorstáit nua. Lean sí uirthi ag obair dó i rith an Chogaidh Chathartha nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais. Phós sí Risteard Ó Cíosáin, garda sinsearach, sa bhliain 1923, agus bhí beirt clainne acu, Séamas agus Brian. I 1926, thosnaigh an chéad stáisiún raidió in Éirinn, 2RN (a dtabharfaí Radio Éireann air níos déanaí), ag craoladh. Fostaíodh Ní Ghráda mar eagarthóir mná ar 2RN, ag cur cláracha do mhná agus do pháistí le chéile. Rinneadh príomh-chraoltóir an stáisiúin di i 1929. B’í an chéad chraoltóir mná in Éirinn agus sa Bhreatain agus b’fhéidir san Eoraip í. D’oibrigh sí mar chraoltóir ar feadh naoi mbliana.
Bhí baint ag Ní Ghráda le téacsleabhair scoile a scríobh do Phádraig Ó Siochrú (An Seabhac, mar a ghlaodh air), a bhí i roinn na leabhar scoile de Chomhairle Oideachais na hÉireann. Scríobh sí alán téacsanna oideachais, Progress in Irish san áireamh. Bhí sí ina h-eagarthóir ag de Brún agus Ó Nualláin, foilsitheoir téacsleabhair scoile. Dhein sí léirmheas ar fhoclóir Gaeilge De Bhaldraithe chun cabhrú le múinteoirí. Bhí sí chomh díograiseach gur lean sí uirthi ag cur leabhair scoile ar téip nuair a bhí sí breoite san ospidéal.
Bhí an-shuim aici i riachtanaisí oideachais leanaí, agus thuig sí aigne daoine óga go han-mhaith. Tá sé seo soiléir óna drámaí. Scríobh sí drámaí scoile a bhí bunaithe ar na scéalta Fiannaíochta, ar an miotaseolaíocht, ar an mBíobla, ar scéalta Aesop. D’aistrigh sí Peter Pan go Gaeilge (Tír na Deo). Scríobh sí leagain Ghaeilge álainne de scéalta sí ón sraith “Bóin Dé” nó na “Ladybird Books”. Chabhraigh sé seo le litearthacht a leathadh sa Ghaeilge. Samplaí dos na leabhair seo do pháistí a scríobh sí as Gaeilge ná: Na trí Bhéar (Goldilocks and the Three Bears), Codladh Céad Bliain (Sleeping Beauty), Luaithríona (Cinderella), Áille agus Brúid (Beauty and the Beast), Rápúnzell (Rapunzel) agus Seán agus an Gas Pónaire (Jack and the Beanstalk).
Bhí grá ar leith ag Ní Ghráda don drámaíocht. Bhí droch-chaoi ar dhrámaíocht na Gaeilge agus í ag tosnú ag scríobh, ach d’athraigh sí é seo; bhí suim ag daoine ina drámaí fiú muna raibh aon Ghaeilge acu. Bhí sí ag cur Gaeilge ar fáil do dhaoine i slí taitneamhach tríd an amharclann. Rinne sí éacht thar na bearta ar son na drámaíochta sa teanga Gaeilge. Scríobh sí aon bhunsaothar drámaíochta déag i rith a saoil – níos mó ná aon dhrámadóir eile sa Ghaeilge. I 1933, bronnadh gradam Amharclann na Mainistreach ar a dráma, Mícheál. Bhí an dráma sin bunaithe ar scéal Tolstoy, Michael. Scríobh sí a céad dráma, Uacht, fad is a bhí sí ag múineadh Gaeilge sa Choláiste Cócaireachta i gCill Mochuda. Dá mic léinn é i ndáiríre, ach léirigh Mícheál Mac Liammóir é in Amharclann an Gheata.
Scríobh Ní Ghráda drámaí cumhachtacha a d’inis an fhírinne faoi ghnéithe de shaol na hÉireann ag an am. Phléigh siad fadhbanna na linne trí Ghaeilge. Bhí ar a cumas páirteanna fiúntacha a cheapadh do mhná ina drámaí, go háirithe do mhná óga, rud annamh i gcás dhrámadóirí na hÉireann, lasmuigh de Sheán O’Casey. Chuir a drámaí míchompórd ar dhaoine, mar phléigh siad ábhair ná raibh ceadaithe. Bhí téamaí iontu go raibh faitíos ar dhaoine aghaidh a thabhairt orthu, téamaí mar cás na mban a raibh leanbh acu lasmuigh de chuing an phósta, agus scéal na bpolaiteoirí lofa. Bhí sí go mór chun tosaigh ar lucht a linne.
Is é An Triail an dráma is iomráití a scríobh Ní Ghráda. Tá sé inchurtha leis An Giall le Breandán Ó Beacháin mar cheann dos na drámaí is rathúla sa teanga Gaeilge. Is dráma é atá an-chuí faoi láthair, i mbliain a foilsíodh Tuarascáil Deiridh an Choimisiúin Imscrúdúcháin ar Árais Máithreacha agus Naíonán. Tá sé tráthúil chomh maith mar go bhfuiltear ag plé cearta pháistí uchtaithe agus cearta a máithreacha faoi láthair, agus an éagóir a deineadh orthu. Cuimhne ar chailín bocht a díbríodh as Cill Mháille fadó agus gur ligeadh don bhfear dul saor ó mhilleán a chuir i gceann Mhairéid An Triail a scríobh. Chreid sí gur chóir go mbeadh comhoibriú idir dhrámadóir agus foireann amharclainne agus nach bhfuil i scríbhinn ach creatlach dráma; go bhfuil feabhsú le déanamh ag an léiritheoir air. Mar shampla, dhein sí athscríobh ar phíosaí de An Triail faoi threoir an léiritheora, Tomás Mac Anna, an deireadh san áireamh.
Is dráma tragóideach é An Triail a thugann cuntas ar an tslí a gcaitear le cailín óg, Máire, a mbíonn caidreamh aici le fear pósta agus a éiríonn torrach dá bharr. Teipeann a máthair agus a beirt dearthár uirthi. Bíonn a máthair buartha faoi thuairimí na gcomharsana, ach ní bhíonn imní uirthi faoi leas a h-iníne ná leas a gar-iníne. Níl trua ag éinne do Mháire ná ní chabhraíonn éinne léi seachas Mailí, a thugann dídean di, agus “Aturnae 2” ag a triail. Tugtar breith uirthi agus cáintear í. Ní theastaíonn ó athair a h-iníne an leanbh a fheiscint fiú. Ar deireadh, maraíonn sí í féin agus a leanbh, go bhfuil an-chion aici uirthi. Deireann Máire gur mharaigh sí a h-iníon mar gur cailín í; gur shaor sí í ó phian na mná nuair a mharaigh sí í. Tá an téama seo ar fud an dráma; cloistear guth Mháire á rá ag an dtús agus ag an deireadh. Is é an cheist a fhiafraítear sa dráma ná, “Cén fáth a dtárlaíonn rudaí mar seo in Éirinn?” Dúirt Tomás Mac Anna, an léiritheoir, go raibh an dráma seo go mór chun tosaigh ag plé ceist “Saoirse na mBan”. I slí, bhí Éire féin á chur faoi thriail ag an drámadóir. Thaitin An Triail go mór le Harold Hobson ón nuachtán an Times i Londain, agus mhol sé go h-ard é, cé nach raibh focal Gaeilge aige.
Léiríodh An Triail don gcéad uair in Amharclann an Damer i rith Féile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath i 1964. Go gairid ina dhiaidh sin, d’aistrigh Ní Ghráda an dráma go Béarla, agus i 1965, léiríodh an leagan Béarla, On Trial, in Amharclann an Eblana. Cóiríodh An Triail don teilifís ansan, agus cuireadh isteach é i bhFéile Teilifíse Bheirlin 1965. B’annamh cláracha teilifíse á gcóiriú as drámaí i nGaeilge, ach b’amhlaidh do An Triail. Foilsíodh an t-aistriúchán Béarla i 1966.
Fuair an dráma seo ardmholadh ós na léirmheastóirí, ach bhí sé conspóideach nuair a chuireadh ar stáitse ar dtús é. Chuir an smaoineamh go rabhamar go léir ciontach a bheag nó a mhór san easpa carthanachta, isteach ar roinnt daoine: ionsaíodh an dráma toisc é a bheith “mímhórálta”. Léiríodh An Triail don gcéad uair ar 22 Meán Fomhair 1964, trí lá tar éis do Mhichael Viney an mhír dheireanach dá sraith altanna dar theideal, “No birthright” a fhoilsiú san Irish Times. Fiosrúchán criticeach ab ea an tsraith seo ar an tslí a chaitheadh le máithreacha in Éirinn nach raibh pósta. In alt amháin, deireann Viney go ndúirt máthair Éireannach amháin leis nár theastaigh uaithi go bhfillfeadh a h-iníon ar Éirinn agus go raibh a muintir agus a tír náirithe aici. In alt eile, deineann sé trácht ar chailín nach bhfuil pósta a insíonn dá máthair go bhfuil sí torrach. Dúirt sí nach raibh aon rud ag déanamh tinnis dá máthair ach tuairimí na gcomharsana. Cé go bhfuil sé deacair é seo a shamhlú inniu, taispeánann na cuntais seo go bhfuil léiriú cruinn sa dráma An Triail ar na dearcaí claonta agus cruálacha a bhí ag daoine ag an am sin i dtaobh máithreacha nach raibh pósta, agus ar an mbuairt a bhí orthu faoi thuairimí na gcomharsana.
Chaith Mairéad Ní Ghráda an dá bhliain dheireanacha dá saol san ospidéal. Fuair sí bás ar 13 Meitheamh 1971.
Tá cóip den leagan Béarla den dráma, On Trial, le fáil sa Leabharlann Tagartha. Tá leabhar ann leis faoi Mhairéad Ní Ghráda agus faoi dhrámadóirí eile a scríobh as Gaeilge: an teideal atá ar an leabhar seo ná An underground theatre: major playwrights in the Irish language, 1930-80 le Philip O’Leary. Is féidir breathnú ar na leabhair seo sa Leabharlann Tagartha nuair a ath-osclaíonn sé.
Tagairtí
Leabhair
-Breathnach, D. agus Ní Mhurchú, M. (1986). 1882-1982: Beathaisnéis a haon. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.
-Ní, Ghráda, M. (c1978). An Triail/Breithiúnas: Dhá Dhráma. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
-Ní Mhurchú, M. agus Breathnach, D. (1999). 1782-1881: Beathaisnéis [Maille le Forlíonadh le 1882-1982 Beathaisnéis agus le hInnéacs (1782-1999)]. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.
-Titley, A. (2010). Scríbhneoirí faoi chaibidil. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.
Altanna ón Idirlíon
-Clare County Library (2021). Mairéad Ní Ghráda (1896-1971). 5 March. Available at: https://www.clarelibrary.ie/eolas/coclare/people/nighrada.htm (Accessed: 5 March 2021).
-Irish Theatre Institute (2021). Ócáid Chomórtha: A Celebration of Máiréad Ní Ghráda: Mairéad Ní Ghráda – Biography. 5 March. Available at: https://www.irishtheatreinstitute.ie/event.aspx?t=mir%C3%A9ad_n%C3%AD_ghrda&contentid=9289&subpagecontentid=9297 (Accessed: 5 March 2021).
-Irish Theatre Institute (2021). Ócáid Chomórtha: A Celebration of Máiréad Ní Ghráda: Production History. 5 March. Available at: https://www.irishtheatreinstitute.ie/event.aspx?t=an_triail_|_on_trial___production_history&contentid=9289&subpagecontentid=9302 (Accessed: 5 March 2021).
-Irish Theatre Institute (2021). Ócáid Chomórtha: A Celebration of Máiréad Ní Ghráda: Social Context. 5 March. Available at: https://www.irishtheatreinstitute.ie/event.aspx?t=social_context&contentid=9289&subpagecontentid=9303 (Accessed: 5 March 2021).
1 note
·
View note