Tumgik
#agus gan ach i mbliana seo
apaelfwine · 2 years
Text
Mar a Fuair Cú Chulainn Síob go Cuaille
Tráthnóna álainn fómhair bhí mé i mo shuí i dTeach Abeba, an siopa caife is ansa liom in Eamhain Mhacha, agus mé ar mo sháimhín só, nuair a tháinig Cú Chulainn isteach. D’aithin mé ar an toirt go raibh mo dhuine réidh le gar a iarraidh orm. Bhrú mé mo shrón ar ais san iris seandálaíochta a bhí á léamh agam, agus ghuigh mé Rí na Glóire agus Muire na nGrást go raibh dul amú orm. D’fhéadadh nach bhfuil sé anseo ach chun cailín a bhréagadh, an barista álainn úr as Corcaigh, abair.
Tá seanaithne agam air, an dtuigeann tú? Casadh dúinn lena chéile ar an mheánscoil nuair a chonaic mé dalta céad bhliana agus stócach mór láidir sa cheathrú bhliain—mar a bhí mise ag an am—ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Rinne mé iarracht teacht eatarthu leis an leaid beag a shábháil... ach mar a tharla ba é mo pháirtí ranga a fuair an greadadh.
D’fhoghlaim mé níos déanaí go raibh Séadanda Mac Neasa ag staidéar ealaín chomhraic faoi stiúir an traenálaí cháiliúil Culann Mac Gabhainn ó bhí sé sé nó seacht mbliana d’aois. Sin mar a fuair sé an leasainm a thugann achan duine—lasmuigh dá athair, Sualdamh Mac Róich, agus dá mháthair, Deichtine Nic Neasa—air, fiú a uncail, Conchúr Mac Neasa, Ardthiarna Uladh.
An gcuirfeá locht air? Ainm ar nós Séadanda... bhuel, d’fhéadadh go ndéarfá nach bhfuil ceart cainte agam féin agus Lao Mac Rianghabhra orm.
Aidhe, caithfidh mé a admháil go bhfuil gaol i bhfad amach idir mise agus Cú s’againne. De shliocht laochra na Craoibhe Rua muidne, de shliocht na tiarnaí agus na ridirí a chuir ruaig ar na Normannaigh agus—ar mhaithe an bhráithreachas Cheiltigh, mar a scríobhadh i seanleabhair scoile, nó ar ghrá na creiche, mar a maíonn staraí an lae inniu—a sheol trasna Mhuir Éireann le troid in éadan na Sacsanach nuair a chuir ríochtaí Gwynedd agus Rheged Athghabháil na Breataine i gcrích. De shliocht na saighdiúirí uaisle a d’iompair Gall Gréine na hÉireann ar fud an domhain agus a chloígh Forghabhálaí na Baváire sa Chogadh Eoráiseach, mar a chuireann Daideo i gcuimhne domh gach uair a bhfaigheann sé deis.
Ainmneacha seanfhaiseanta... laethanta saoire scoile á gcaitheamh againn i dtithe móra seanchaite i gcuideachta seanóirí a raibh níos mó eolas acu ar mhionsonraí stair mhíleata na Meánaoise ná ar rud ar bith a tharla sa chéad seo... seanscéal uaisle na hÉireann agus meirg air, tá a fhios agat.
Chuala mé gliogaireacht na slabhraí amaideacha ar an tseaicéad leathair a bhíodh á chaitheamh aige le déanaí, amhail is dá mbeadh Macdara Mallaithe nó punc-cheoltóir eile ó na seachtóidí ann, agus thuig mé go raibh sé ag teacht i mo threo. Ba mhór an trua nach raibh clóca draíochta agam mar a bhí ag an leaid—Harri y Crochenydd, nó ainm mar sin—sna leabhair fantaisíochta ón Bhreatain a bhíodh mo dheirfiúr is óige gafa leo, chun go bhféadfainn dul i bhfolach.
Shuigh sé síos ag an bhord in aice liom, gan chuireadh gan iarraidh. “Tráthnóna maith duit, a Lao, a bhráthair. Caide mar atá tú?”
D’amharc mé go géar air, ach sula dtiocfadh liom focal a rá tháinig iníon an úinéara chugainn, tráidire ina lámha. Leag sí pota úr caife ar an bhord dharach smolchaite, agus cupán glan do Chú Chulainn. “Go raibh maith agat, a Mhakeda” ar seisean, agus rinne sí meangadh gáire leis, a haghaidh álainn chrón lasta le phléisiúr mar a bheadh Oisín Óg ann in áit rógaire ceart críochnaithe agus gruaig thrídhathach air.
“Mura miste leat, d’ordaigh mé pota dúinn beirt.” Líon sé mo chupán le caife sula dhoirt sé a chuidse. Duine múinte go smior é, ar a bhealach féin. "Im?"
Gan smaointeamh, thóg mé an babhla a shín sé chugam agus chuir mé prionta beag ime i mo chaife. “Cad é a thug anseo thú, a Chú?”
Chrom sé ar a chupán féin—é ag cur daba mór meala ann, ar nós páiste—agus chorraigh sé é. “An gá cúis a bheith agam caint le seanchomrádaí dílis?” D’ardaigh mé mo mhala, agus lig sé osna as. “Bhuel, mar a tharlaíonn... Aon seans go dtiocfadh leat síob a thabhairt domh ag deireadh na seachtaine, le do thoil?”
“Dáiríre? Do charr á dheisiú arís, an ea? Agus an carr eile chomh maith?”
“Bhuel...”
“Cad é a rinne tú anois?”
Tháinig cuma na náire air. Is annamh an rud é sin, mise á rá leat. “Tá cosc tiomána orm. Sé mhí, an gcreidfeá?”
D’amharc mé suas chun na bhflaitheas. “Agus é tuillte ort gan amhras, a mhic-ó.”
“Débhealach a bhí ann, in ainm Dé! Bhí mé sách cinnte nach raibh an teorainn luais chomh íseal sin. Níl sé féaráilte in aon chór.”
“Agus an t-am roimhe sin?”
“Tá a fhios agat féin céard a dúirt an cladhaire Connachtach úd Feilimí Mac Eochaidh. ‘Gliogar gránna de sheancharr spíonta,’ a thug sé ar Liath Mhacha s’agamsa! Ar onóir Uladh amháin a chuaigh mé ag rásaíocht leis! Cad chuige faoin spéir nár thuig an breitheamh go raibh mé ag cosaint chlú ár gcúige? Mar is dualgas liom ó bhroinn!”
Chroith mé mo chloigeann. “In ainm Chroim, a Chú, tá Ríocht na hÉireann ina monarcacht bhunreachtúil le trí céad bliana anuas.”
Rinne sé comhartha gáirsiúil. “Fuair mé pas le gradam in Oideachas Saoránach, creid nó ná creid.”
Chreid mé, déantar na fírinne. Tá intleacht mhaith ag Cú s’againne, cé gur annamh a mbíonn sí á húsáid aige le rud ar bith a dhéanamh seachas cliúsaíocht le iarrthóirí PhD. “Mar sin, caithfidh go bhfuil tuiscint agat nach bhfuil ceart éirice nó cód na laochra nó a leithéid de raiméis ann níos mó. Níl cead raide agat, d’ainneoin gur nia Thiarna Uladh thú. Nó aigesean, d’ainneoin gur mac Bhantiarna Chonnachta é féin.”
“Ar son Uladh...” ar seisean faoina anall.
Rinne mé mo dhícheall cur i gcéill nár chuala mé é. “Agus roimhe sin?”
“Níor thiomáin mé ach tríocha ciliméadair thar an teorainn... agus nach álainn í an garda a tharraing i leataobh mé? Theip orm áitiú uirthi an ticéad a scriosadh, ach mar sin féin bhí sí breá sásta dul amach liom an Satharn ina dhiaidh sin. Fuair mé luach an ticéid agus tuilleadh ar an oíche úd, creid uaimse é, a chailleach.”
Sin é Cú Chulainn agat. Fear mór na mban é, d’ainneoin an chlúimh nár fhás fós air. De réir na cosúlachtaí, tá dúil ag cailíní an lae inniu i stócaigh dathúla ar nós na mboc sna mbannaí buachaillí.
Bhuel, níl mé ag gearán. Tá neart ban ann go fóill nach bhfuil dall ar an fhéasóg fhearúil s’agamsa, geallaim duit.
Lig mé osna uaim. “Maith go leor, a Chú. Más rud é nach bhfuil cead tiomána agat, cad chuige faoin spéir go bhfuil tú ag iarraidh síbe uaimse? Cé mhéad tiománaithe gairmiúla a bhfuil fostaithe ag Clann Mhic Neasa, nó ag do dhaid go pearsanta?”
Chuir sé strainc air féin. “Cuireann siad uilig Séadanda orm! Bhraithfinn mar a bheinn faoi chúram fheighil leanaí. Nach fearr comrádaí dílis a dtuigeann go bhfuil fear feasta ionam?”
“Más rud é go bhfuil, a mhic-ó.”
“Ó, cinnte, seanduine liath atá ionat, a Lao.”
Deamhan a fhios agam cad chuige ar ghéill mé dó, ach ghéill sa deireadh, go bhfóire Dia orm. Agus sin mar a tharla mé a bheith ag stiúradh Mercedes maorga a thug mo dhuine Dubh Sanglainn air—ní ligfeadh an náire don Chú taisteal sa Citroën beag praiticiúil agamsa, agus ní ligfeadh an ciall domhsa tiomáint charr spóirt a bhíodh súil géar á choimhéad ag na gardaí air, amhail Liath Mhacha s’aigesean—chuig Ionad Comhdhála Cuaille agus Comórtas Tháin an Dá Tharbh, an tionól ealaín chomhraic is mó in Éirinn.
Thug mé fá deara le déanaí go raibh corpas fanfic ann don Táin, ach é uilig i mBéarla. Mar sin, ba léir go raibh dualgas orm an bhearna a líonadh. Ní bhfuair mé trácht ar bith ar AO3 go fóill agus an scéal seo ar an tsuíomh le mí anuas, agus mar sin rith sé liom gur chóir domh triail a bhaint as é a phostáil anseo.
5 notes · View notes
dramaphan · 3 years
Note
Is maith is cumhin liom. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Bhí mé ag dul a fheiceáil Dan agus Phil an lá sin! ba é an lá deireanach den scoil é. Bhí mé seacht mbliana déag d’aois. Bhí scrúduithe an-tábhachtach agam ar an lá deireanach den scoil. Bhí mé i mo chónaí 2 uair as Baile Átha Cliath, áit a raibh an seó “interactive introverts” ar siúl. Is ait an mac an saol. Bhí mé ag dul le mo chara. Ní neart go cur le chéile. Bíonn adharca fada ar na ba thar lear. ní cairde muid níos mó 😂😂 an íoróin. Ní huasal ná íseal, ach thuas seal is thíos seal. ní raibh ach aon bhus amháin a d’fhéadfainn a fháil chun dul go Baile Átha Cliath. chríochnaigh an scoil ag a ceathair a chlog. d’imigh an bus ag a cúig tar éis a ceathair. nuair a shroich sé deireadh an lae scoile. Chríochnaigh mé mo scrúdú matamaitice sa seomra aclaíochta. Rith mé as an scoil. bhí an scoil ar fad agus an baile ag faire orm. ach ní raibh cúram orm. Is minic a rinne bromach gioblach capall 😅 THANKFULLY!! bhí an bus déanach! Shroich mé Baile Átha Cliath in am! An té nach bhfuil láidir, ní foláir dó bheith glic. Bhreathnaigh mé ar an seó gay ó na amadán dan agus phil. nuair a bhí an seó thart, ní raibh ach bus amháin ar ais sa bhaile. ní ligfeadh tiománaí an bhus dom teacht istigh 😔 (mar: Is minic a bhris béal duine a shrón.) Tugadh cead do mo chara. chuaigh mo chara abhaile leis féin. Níl saoi gan locht. Ansin, chuir mé téacs chuig mo dheartháir chun ligean dom fanacht ag a árasán. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Rinne mé teagmháil leis an gcuideachta bus. Thug siad ticéad saor in aisce dom abhaile. An té a bhíónn siúlach, bíonn scéalach. Níl aon tinteán mar do thinteán féin. tá a lán frásaí san aiste seo. ach is é a mhúin mo sheanmhúinteoir dom - chun aiste a dhéanamh níos faide, Scríobh LOADS of frásaí agus Nathanna! 🤩
“I like and remember. The sun was splitting the stones. I was going to see Dan and Phil that day! it was the last day of school. I was seventeen years old. I had very important exams on the last day of school. I lived 2 times out of Dublin, where the show “interactive introverts” took place. Life is strange. I was dating my friend. Putting that together is not strength. Cows abroad have long horns. we are no longer friends 😂😂 the irony. Not high or low, but above and below. there was only one bus I could get to get to Dublin. school ended at four o'clock. the bus left at five past four. when he reached the end of the school day. I finished my math exam in the gym. I ran out of school. the whole school and home were watching me. but I didn't care. A horse's hoof brom has often made 😅 THANKFULLY !! the bus was late! I arrived in Dublin on time! He who is not strong must be wise. I watched the gay show from the fool dan and phil. when the show was over, there was only one bus back home. the driver of the bus would not let me in 😔 (because: A person 's mouth often broke his nose.) My friend was allowed. my friend went home alone. A sage is not without fault. Then I texted my brother to let me stay at his apartment. People live in each other 's shadow. I contacted the bus company. They gave me a free ticket home. He who walks is a storyteller. There is no fireplace like your own. there are many phrases in this essay. but my old teacher taught me - to write a longer essay, Write LOADS of phrases and Phrases! 🤩”
There sure were a lot of phrases in here
2 notes · View notes
mifhortunach · 8 years
Text
:000
0 notes
corkcitylibraries · 4 years
Text
Máirtín Ó Cadhain
Tá Máirtín Ó Cadhain á chomóradh i mbliana, 2020, leathchéad bliain tar éis a bháis. Ba scríbhneoir Gaeilge agus gníomhaí teangan é Ó Cadhain. Meastar gurb é an scríbhneoir próis is tábhachtaí é i nGaeilge na fichiú aoise. Thóg sé teanga labhartha a mhuintir féin agus d’athraigh sé í go meán liteartha. Thóg sé gnéithe ó chanúintí eile agus ó fhoinsí liteartha níos sine. Léirigh sé ar an mbealach sin, níos mó ná aon scríbhneoir eile lena linn, mianach na Gaeilge mar mheán liteartha comhaimseartha.
Tumblr media
Rugadh Máirtín Ó Cadhain gar don Spidéal i gContae na Gaillimhe. Níl dáta cruinn a bhreithlá ar eolas, ach síltear gur rugadh é i mí Eanair 1905. D’fhás sé aníos i gceartlár Ghaeltacht Chonamara, áit gur chainteoirí dúchais Gaeilge formhór na ndaoine. Bhí traidisiún láidir seanchais ann le linn a óige, agus ba sheanchaí cáiliúil a uncail (deartháir a athar), Máirtín Beag. Gan amhras, bhí tionchar aige seo ar bhun-stíl scríbhneoireachta Uí Chadhain, cé gur athraigh sé an tslí a scríobh sé go dtí múnla níos liteartha nuair a lean sé leis an scríbhneoireacht.
I 1911, agus é in aois a 6, thosnaigh Ó Cadhain ag freastal ar an scoil náisiúnta sa Spidéal. Tá sé suimiúl go raibh deacrachtaí aige leis an scríbhneoireacht i dtús báire. Ní raibh sé in ann greim a choinneáil ar an bpeann, agus bhí ar a mhúinteoir é a cheangal lena láimh. Nuair a fuair sé an bua ar an bhfadhb seo, bhí sé go hiontach ag scríbhneoireacht, agus é fós an-óg. Bhuaigh sé duais le h-aghaidh aiste faoi ainmhithe. Bronnadh dhá scilling agus leabhar darbh ainm Dea-bhéasa air. Blianta ina dhiaidh sin, dúirt sé agus a theanga ina phluic, go ndéarfadh roinnt daoine nár bhain sé mórán úsáide as an leabhar! Cé gur mhac léinn an-éirimiúil é, is beag nár cuireadh stop lena chuid oideachais nuair nach raibh sé ach 13 bliana d’aois. Bhí a thuismitheoirí bocht, agus bhí Ó Cadhain ag teastáil uathu chun obair a dhéanamh ag a baile. Mar sin féin, áitíodh ar a athair é a choinneáil ar scoil. I 1923, bhuaigh sé scoláireacht Rí, ach bhí air a bheith 18 mbliana d’aois chun é a fháil. Ós rud é go raibh 1906 ar a theastas breithe in ionad 1905 (cláraíodh a bhreith an-dhéanach), bhí air fanacht go dtí go raibh sé 18 “go h-oifigiúil” chun an scoláireacht a fháil. Chuir sé iarratas isteach arís i 1924 agus bhuaigh sé scoláireacht. Thosnaigh sé ag freastal ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach i mBaile Átha Cliath ansan. Ní raibh sé in aon áit eile lasmuigh de Chontae na Gaillimhe riamh ina shaol; nuair a bhog sé go Baile Átha Cliath, ba é sin an chéad uair dó a bheith aon áit eile sa tír. Ní raibh sé féin-mhuiníneach ó thaobh labhairt an Bhéarla de toisc nár labhair sé ach an Ghaeilge nuair a bhí sé ina chónaí i gConamara. Mar sin, bhí sé difriúl ó mhic léinn eile, agus ba mhac léinn ciúin é nuair a bhí sé san ollscoil.
Thosnaigh sé ag cur suime in Arm Poblachtánach na h-Éireann (an IRA) nuair a bhí sé faoi oiliúint mar mhúinteoir. Ghlac sé ballraíocht ann go déanach sna 1920idí. I 1936, theastaigh uaidh freastal ar ócáid chomórtha Wolfe Tone, athair Poblachtánachais na h-Éireann, ach ghabh na Gardaí é. An lá dar gcionn, briseadh as a phost múinteoireachta bunscoile i gCarn Mór na Gaillimhe é, ar órdú an easpaig. Scaoileadh chun siúil é toisc go raibh ceangal aige le Poblachtánaigh. I mí Meán Fomhair 1939, gabhadh é agus cuireadh i bpríosún i gCnoc an Arbhair i mBaile Átha Cliath é toisc gur ball den IRA é. Scaoileadh saor é, ach gabhadh arís é in Aibreán na bliana dár gcionn, agus rinneadh é a imtheorannú sa Churrach go dtí 1944. Ní fhostódh aon bhunscoil é toisc go raibh baint aige le Poblachtánachas agus an IRA. Tar éis dó a phost mar mhúinteoir a chailliúint, thuill sé a chuid airgid ag múineadh ranganna oíche do Chonradh na Gaeilge. I 1956, fuair sé post mar léachtóir na Nua-Ghaeilge i gColáiste na Trionóide i mBaile Átha Cliath.
Bhí Ó Cadhain an-chriticeach faoi pholasaí an rialtais Éireannaigh faoi theanga na Gaeilge, agus, go háirithe, faoin nGaeltacht. Mheas sé gur chaith an stát le mhuintir na Gaeltachta mar shaoránaigh dara grád. I 1969, bhí ról lárnach aige i mbunú an fheachtais, Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. A bhuíochas ar an ngluaiseacht seo, bunaíodh údarás rialtais áitiúil ar leith dos na ceantair Ghaeltachta ina dhiaidh sin.
Ba scríbhneoir ilghníomhach é Ó Cadhain. Chuir sé isteach alán gearrscéalta chuig na h-irisleabhair, Feasta agus Comhar. Ó 1953 go 1956, scríobhadh sé go rialta san Irish Times, faoi ábhair dhifriúla, ina measc: litríocht, polaitíocht agus gluaiseacht na teanga Gaeilge. Foilsíodh a chéad chnuasach gearrscéalta, Idir Shúgradh agus Dáiríre, i 1939. Foilsíodh sé cinn dá chnuasach gearrscéalta, ceann acu, An tSraith Tógála, tar éis dó bás a fháil. Scríobh sé trí úrscéal chomh maith. Tá alán dá scéalta an-dhiúltach, agus deighleáileann siad le daoine ón dtaobh amuigh agus daoine a dheineann iarracht cloí leis na rialacha ach atá ag streachailt le córas sóisialta atá leatromach.
Is fearr aithne ar Ó Cadhain as a chéad úrscéal, Cré na Cille, a foilsíodh sa bhliain 1949. Is aoir é seo ar alán gnéithe den saol comhaimseartha. Is saothar ceannródaíoch agus conspóideach é. Dar le Breandán Ó hEithir, is é an saothar is greannmhara sa Nua-Ghaeilge é, go mór agus go fada. Tá an scéal suite in uaigh, áit a mbíonn na corpáin ag cúlchaint de shíor faoina chéile agus faoin saol ina sráidbhaile ós cionn na talún. Tá 10 gcaibideal ann; i ngach ceann acu, adhlacfar duine atá díreach tar éis bás a fháil, agus tagann an duine seo chuig na corpáin le nuacht faoi gach rud atá ag tarlú thuas. Deineann Declan Kiberd comparáid idir an scéal seo agus Ulyssses, ina dtugann Leopold Bloom cuairt ar Uaigh Ghlas Naíon, áit a ndeineann Bloom iontas faoi na mairbh agus faoi cé acu a raibh a fhios acu go rabhadar marbh in aon chor. Bhí eagla ar Ó Cadhain go n-éagfadh teanga na Gaeilge roimh a bhás féin – b’fhéidir gur meafar ab iad na corpáin do theanga na Gaeilge. Teoiric eile atá ann ná go raibh na smaointe san úrscéal bunaithe ar an am a chaith Ó Cadhain sa Churrach, áit a raibh sé, go bunúsach, marbh don domhan lasmuigh. I gcaitheamh trí bliana tar éis dó a bheith scaoilte saor ó phríosún, scríobh sé Cré na Cille. Bhuaigh Ó Cadhain duais mhór liteartha Gaeilge ar Cré na Cille, agus bronnadh duais liteartha air chomh maith dá dara úrscéal, Athnuachan.
 Tagairtí
Jordan, J. ed. 1977. The pleasures of Gaelic literature. Dublin and Cork: Mercier Press.
Kiberd, D. 2006. No ordinary man. Irish Examiner. 15 February, p. 16.
Ó Cathasaigh, A. 2009. Máirtín Ó Cadhain: Mac léinn, múinteoir, muirthéachtaí. Feasta. 62 (5), pp. 48-50.
Riggs, P. 2006. Máirtín Ó Cadhain. In: Malcolm, C. A. and Malcolm, D. ed. Dictionary of literary biography, volume 319: British and Irish short-fiction writers, 1945-2000. Detroit: Thomson Gale, pp. 280-288.
0 notes