Tumgik
#mise ag caint
gaelsjustwannahavefun · 6 months
Text
Tbh I'm absolutely shocked to my core about these riots. Im ashamed to be irish atm. However, this is the reality of Dublin right now. Racism, homophobia, xenophobia, violence; all have been on the rise.
This is Ireland. We cannot and will not ignore the racism that reared its head today. We have a responsibility to protect all of our nation, including minorities. Ireland is for all.
These facists can eat shit. They are not welcome in my Ireland.
17 notes · View notes
athnuachan · 5 months
Text
mise ag caint faoin mheánaicme théis an galtoitín hhc
Tumblr media
9 notes · View notes
tropinano · 9 months
Text
céist: an bhfuil sé go-dona mar ní thuigim sin ads le Spotify as Gaeilge go leor nó most rudaí as Gaeilge?? Ceapaim líofa agam ach nuair a ceapaim láidir mé... Caithfidh mé stáidir níos mó. Mothaím a lán ads agus programmes ag caint Gaeilge go tapadh, nó tá focail siad ní thuigim. Níor chonaic mé an focail sin freisin nuair a bhí mé ag stáidear sa scoil, agus bhí mo mhuinteoir go hiontach. An bhfuil aon duine a mhothaíonn sin freisin? Nó ar thuigeann mé an Gaeilge simplí (agus mar sin táim insecure nuair a caith an fáinne mise.) Níl a fhios agam😕 Is vent anseo, ach beidir cúpla daoine a ceapainn siad freisin.
2 notes · View notes
margridarnauds · 1 year
Note
7 & 9 for the writing asks!
(Meabhrú: Táim ag caint i nGaeilge ar feadh míosa seo, mar táim sa Ghaeltacht ag an am seo. Gabh mo leathscéal le mo Ghaeilge bocht!)
7. What is your deepest joy about writing?
Is breá liom a bheith ag obair le daoine difriúla -- uaireannta difriúil agus cinéalacha difriúil agus aicme shóisialta difriúil, agus a bheaith ag imirt le chasanna éagsúil. Mar shampla, le "The Witching Hour," an mbeadh gnéas ag an dara Mrs. De Winter le Danvers? Is é sin an chéad rud é. Cén fáth? An roghnódh sí é (nó, go cruinn, í), b'fheidir mar sin de bhí uaigneas uirthi agus bhí easpa muiníne ag cur as di? Níl a fhios agam, ach is an-suimiúil a bheith ag imirt leis. Faighim amach nua rudaí le gach scéal agus gach carachtar, idir faoi siad agus faoi mise féin.
9. Do you believe in ghosts? This isn’t about writing I just wanna know
Créidim -- tá neart cairde agam a bhfuil scéalta taibhsí acu, go h-airithe le na oibrithe músaeim.
3 notes · View notes
apaelfwine · 1 year
Text
Mar a Fuair Cú Chulainn Síob go Cuaille
Tráthnóna álainn fómhair bhí mé i mo shuí i dTeach Abeba, an siopa caife is ansa liom in Eamhain Mhacha, agus mé ar mo sháimhín só, nuair a tháinig Cú Chulainn isteach. D’aithin mé ar an toirt go raibh mo dhuine réidh le gar a iarraidh orm. Bhrú mé mo shrón ar ais san iris seandálaíochta a bhí á léamh agam, agus ghuigh mé Rí na Glóire agus Muire na nGrást go raibh dul amú orm. D’fhéadadh nach bhfuil sé anseo ach chun cailín a bhréagadh, an barista álainn úr as Corcaigh, abair.
Tá seanaithne agam air, an dtuigeann tú? Casadh dúinn lena chéile ar an mheánscoil nuair a chonaic mé dalta céad bhliana agus stócach mór láidir sa cheathrú bhliain—mar a bhí mise ag an am—ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Rinne mé iarracht teacht eatarthu leis an leaid beag a shábháil... ach mar a tharla ba é mo pháirtí ranga a fuair an greadadh.
D’fhoghlaim mé níos déanaí go raibh Séadanda Mac Neasa ag staidéar ealaín chomhraic faoi stiúir an traenálaí cháiliúil Culann Mac Gabhainn ó bhí sé sé nó seacht mbliana d’aois. Sin mar a fuair sé an leasainm a thugann achan duine—lasmuigh dá athair, Sualdamh Mac Róich, agus dá mháthair, Deichtine Nic Neasa—air, fiú a uncail, Conchúr Mac Neasa, Ardthiarna Uladh.
An gcuirfeá locht air? Ainm ar nós Séadanda... bhuel, d’fhéadadh go ndéarfá nach bhfuil ceart cainte agam féin agus Lao Mac Rianghabhra orm.
Aidhe, caithfidh mé a admháil go bhfuil gaol i bhfad amach idir mise agus Cú s’againne. De shliocht laochra na Craoibhe Rua muidne, de shliocht na tiarnaí agus na ridirí a chuir ruaig ar na Normannaigh agus—ar mhaithe an bhráithreachas Cheiltigh, mar a scríobhadh i seanleabhair scoile, nó ar ghrá na creiche, mar a maíonn staraí an lae inniu—a sheol trasna Mhuir Éireann le troid in éadan na Sacsanach nuair a chuir ríochtaí Gwynedd agus Rheged Athghabháil na Breataine i gcrích. De shliocht na saighdiúirí uaisle a d’iompair Gall Gréine na hÉireann ar fud an domhain agus a chloígh Forghabhálaí na Baváire sa Chogadh Eoráiseach, mar a chuireann Daideo i gcuimhne domh gach uair a bhfaigheann sé deis.
Ainmneacha seanfhaiseanta... laethanta saoire scoile á gcaitheamh againn i dtithe móra seanchaite i gcuideachta seanóirí a raibh níos mó eolas acu ar mhionsonraí stair mhíleata na Meánaoise ná ar rud ar bith a tharla sa chéad seo... seanscéal uaisle na hÉireann agus meirg air, tá a fhios agat.
Chuala mé gliogaireacht na slabhraí amaideacha ar an tseaicéad leathair a bhíodh á chaitheamh aige le déanaí, amhail is dá mbeadh Macdara Mallaithe nó punc-cheoltóir eile ó na seachtóidí ann, agus thuig mé go raibh sé ag teacht i mo threo. Ba mhór an trua nach raibh clóca draíochta agam mar a bhí ag an leaid—Harri y Crochenydd, nó ainm mar sin—sna leabhair fantaisíochta ón Bhreatain a bhíodh mo dheirfiúr is óige gafa leo, chun go bhféadfainn dul i bhfolach.
Shuigh sé síos ag an bhord in aice liom, gan chuireadh gan iarraidh. “Tráthnóna maith duit, a Lao, a bhráthair. Caide mar atá tú?”
D’amharc mé go géar air, ach sula dtiocfadh liom focal a rá tháinig iníon an úinéara chugainn, tráidire ina lámha. Leag sí pota úr caife ar an bhord dharach smolchaite, agus cupán glan do Chú Chulainn. “Go raibh maith agat, a Mhakeda” ar seisean, agus rinne sí meangadh gáire leis, a haghaidh álainn chrón lasta le phléisiúr mar a bheadh Oisín Óg ann in áit rógaire ceart críochnaithe agus gruaig thrídhathach air.
“Mura miste leat, d’ordaigh mé pota dúinn beirt.” Líon sé mo chupán le caife sula dhoirt sé a chuidse. Duine múinte go smior é, ar a bhealach féin. "Im?"
Gan smaointeamh, thóg mé an babhla a shín sé chugam agus chuir mé prionta beag ime i mo chaife. “Cad é a thug anseo thú, a Chú?”
Chrom sé ar a chupán féin—é ag cur daba mór meala ann, ar nós páiste—agus chorraigh sé é. “An gá cúis a bheith agam caint le seanchomrádaí dílis?” D’ardaigh mé mo mhala, agus lig sé osna as. “Bhuel, mar a tharlaíonn... Aon seans go dtiocfadh leat síob a thabhairt domh ag deireadh na seachtaine, le do thoil?”
“Dáiríre? Do charr á dheisiú arís, an ea? Agus an carr eile chomh maith?”
“Bhuel...”
“Cad é a rinne tú anois?”
Tháinig cuma na náire air. Is annamh an rud é sin, mise á rá leat. “Tá cosc tiomána orm. Sé mhí, an gcreidfeá?”
D’amharc mé suas chun na bhflaitheas. “Agus é tuillte ort gan amhras, a mhic-ó.”
“Débhealach a bhí ann, in ainm Dé! Bhí mé sách cinnte nach raibh an teorainn luais chomh íseal sin. Níl sé féaráilte in aon chór.”
“Agus an t-am roimhe sin?”
“Tá a fhios agat féin céard a dúirt an cladhaire Connachtach úd Feilimí Mac Eochaidh. ‘Gliogar gránna de sheancharr spíonta,’ a thug sé ar Liath Mhacha s’agamsa! Ar onóir Uladh amháin a chuaigh mé ag rásaíocht leis! Cad chuige faoin spéir nár thuig an breitheamh go raibh mé ag cosaint chlú ár gcúige? Mar is dualgas liom ó bhroinn!”
Chroith mé mo chloigeann. “In ainm Chroim, a Chú, tá Ríocht na hÉireann ina monarcacht bhunreachtúil le trí céad bliana anuas.”
Rinne sé comhartha gáirsiúil. “Fuair mé pas le gradam in Oideachas Saoránach, creid nó ná creid.”
Chreid mé, déantar na fírinne. Tá intleacht mhaith ag Cú s’againne, cé gur annamh a mbíonn sí á húsáid aige le rud ar bith a dhéanamh seachas cliúsaíocht le iarrthóirí PhD. “Mar sin, caithfidh go bhfuil tuiscint agat nach bhfuil ceart éirice nó cód na laochra nó a leithéid de raiméis ann níos mó. Níl cead raide agat, d’ainneoin gur nia Thiarna Uladh thú. Nó aigesean, d’ainneoin gur mac Bhantiarna Chonnachta é féin.”
“Ar son Uladh...” ar seisean faoina anall.
Rinne mé mo dhícheall cur i gcéill nár chuala mé é. “Agus roimhe sin?”
“Níor thiomáin mé ach tríocha ciliméadair thar an teorainn... agus nach álainn í an garda a tharraing i leataobh mé? Theip orm áitiú uirthi an ticéad a scriosadh, ach mar sin féin bhí sí breá sásta dul amach liom an Satharn ina dhiaidh sin. Fuair mé luach an ticéid agus tuilleadh ar an oíche úd, creid uaimse é, a chailleach.”
Sin é Cú Chulainn agat. Fear mór na mban é, d’ainneoin an chlúimh nár fhás fós air. De réir na cosúlachtaí, tá dúil ag cailíní an lae inniu i stócaigh dathúla ar nós na mboc sna mbannaí buachaillí.
Bhuel, níl mé ag gearán. Tá neart ban ann go fóill nach bhfuil dall ar an fhéasóg fhearúil s’agamsa, geallaim duit.
Lig mé osna uaim. “Maith go leor, a Chú. Más rud é nach bhfuil cead tiomána agat, cad chuige faoin spéir go bhfuil tú ag iarraidh síbe uaimse? Cé mhéad tiománaithe gairmiúla a bhfuil fostaithe ag Clann Mhic Neasa, nó ag do dhaid go pearsanta?”
Chuir sé strainc air féin. “Cuireann siad uilig Séadanda orm! Bhraithfinn mar a bheinn faoi chúram fheighil leanaí. Nach fearr comrádaí dílis a dtuigeann go bhfuil fear feasta ionam?”
“Más rud é go bhfuil, a mhic-ó.”
“Ó, cinnte, seanduine liath atá ionat, a Lao.”
Deamhan a fhios agam cad chuige ar ghéill mé dó, ach ghéill sa deireadh, go bhfóire Dia orm. Agus sin mar a tharla mé a bheith ag stiúradh Mercedes maorga a thug mo dhuine Dubh Sanglainn air—ní ligfeadh an náire don Chú taisteal sa Citroën beag praiticiúil agamsa, agus ní ligfeadh an ciall domhsa tiomáint charr spóirt a bhíodh súil géar á choimhéad ag na gardaí air, amhail Liath Mhacha s’aigesean—chuig Ionad Comhdhála Cuaille agus Comórtas Tháin an Dá Tharbh, an tionól ealaín chomhraic is mó in Éirinn.
Thug mé fá deara le déanaí go raibh corpas fanfic ann don Táin, ach é uilig i mBéarla. Mar sin, ba léir go raibh dualgas orm an bhearna a líonadh. Ní bhfuair mé trácht ar bith ar AO3 go fóill agus an scéal seo ar an tsuíomh le mí anuas, agus mar sin rith sé liom gur chóir domh triail a bhaint as é a phostáil anseo.
5 notes · View notes
clardubh · 2 years
Text
Gaelachas agus Véigeánachas
Roinnt stór focal ag bun an leathanaigh! Tá an leagan Béarla den alt le fáil anseo.
An bhfuil aon rud le foghlaim ag lucht na Gaeilge ó lucht na véigeán?
Is cinneadh deacair é an véigeánachas. Fiú más é an rogha cliste inbhuanaithe don domhan agus gurb é an t-aon chinne is ceart leat—mar sin féin is rud casta ó thaobh praiticiúlachta é. Is gnách agus is aoibhinn leis an gcuid is mó den saol an fheoil a ithe. Bítear ag súil go n-íosfá féin feoil, agus cuireann sé isteach ar dhaoine nuair is mian leat an fheoil a sheachaint mar go gcaithfear béilí éagsúla a ullmhú sa bhaile agus bialanna ar leith le roghanna véigeánacha a aimsiú ar do shon. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh gach éinne a nósanna a athrú de réir rogha duine amháin. Fiú má bhíonn bá agus meas ag daoine le do rogha, is deacair leo é.
Sa chaoi seo, cuireann a leithéid scéil cúis na Gaeilge agus gaelgóirí i gcuimhne dom. Maireann an gnáthghaelgóir i measc comhluadar béarla. Bíonn dhá rogha agat; iarraidh ar do chairde iarracht a dhéanamh, nó neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb. Is dócha go mbíonn an dá nós ag an chuid is mó de ghaelgóirí in Éirinn ag pointí éagsúla. Tá coimhlint ann idir fonn an chroí agus compord an ghrúpa. Ní véigeán mé féin, agus níorbh ach le déanaí a rith an chomparáid seo liom.
Cinneadh pearsanta le himpleachtaí don chomhluadar
Difear mór amháin dar liom idir lucht na Gaeilge agus lucht na véigeán ná is annaimhe a bhacann gaelgóirí an stró sin a chur ar an gcomhluadar. Is cinnte go bhfuil díograis chomhchosúil ag an dá chomhphobal dá gcúis, ach tá na cúinsí éagsúil ar roinnt pointí. Is féidir le véigeán a bhia féin a réiteach más gá, ach ní féidir le gaelgóir labhairt leo féin má éiríonn a chairde as caint leo. Is fusa iarraidh ar dhaoine béile speisialta amháin a réiteach ná teanga nua a fhoghlaim. D'fhéadfaí dream cairde gaelgóir a lorg, ach ní oireann sé seo do mhórán daoine agus tagaim leis sin. Ach an gá do ghaelgóirí an cineál brú 'riachtanach' sin a chur ar a gcomhluadar? An é sin an cineál díograise a bhfuil de dhíth? Tá súil agam gan dua ná stró a chur ar éinne.
Tá sé ag éirí níos gnáiche a bheith i do véigeán sa Domhan Thiar agus glactar leis níos minice. Ní fada óna mbíodh droch-íomhá ar véigeáin, go mbítí ag súil gur sciolladóirí antoisceacha iad. Ach anois is annaimhe an dearcadh sin, agus tagann a lán daoine le cúis na véigeán fiú munar véigeán iad féin. Cuireann na cúinsí seo dóchas orm i leith na Gaeilge, a mheasaim go bhfuil an dul chun cinn ceannann céanna ag teacht uirthi, cé go bhfuil sé ag staid níos luaithe san fhorbairt sin. Is dóigh liomsa go bhfuil moill ar an nGaeilge ina leith seo toisc a teagasc ar scoil. Ní hamháin go seachnaíonn daoine an trioblóid le teanga nua a labhairt, ach go mbíonn eagla orthu botún a dhéanamh sa chaint. Ceapaim go bhfuil an locht go mór leis an oideachas poiblí mar gheall air seo. Ach agus an píosa seo á scríobh, tá An Cailín Ciúin tar éis teacht amach le dea-cháil agus ard-mholadh á bhfáil go fairsing aige. I measc an phlé sin braithim a lán dea-thuairim don Ghaeilge féin.
Tá súil agam go dtiocfaidh níos mó feabhais ar meonta i leith na Gaeilge, agus go mbeidh sé níos éasca do dhaoine í a bheith mar cuid dá saol. Dúirt mé cheana nach véigeán mé féin, ach táim eolach go leor ar na tairbhí a bhaineann le laghdú feoil agus táirgí ainmhithe. Dar le mo chairde véigeán, is ionann mise agus an gnáth-Éireannach a bhfuil suim éigin sa Ghaeilge ach nach labhraíonn go minic. Is fiú an saghas sin duine, ní cás le gach éinne gach cúis. Caithfimidne mar tacadóirí d'ár gcúis a bheith tuisceanach don chomhluadar agus a chur i gcuimhne dóibh i gcónaí nach í an fhoirfeacht a theastaíonn uainn. Ní theastaíonn ach an dícheall. Caithfear daoine a earcú ar a son féin, agus b'fhéidir le himeacht ama go músclófar díograis iontu. Tús maith, leath na hoibre mar a déarfá! B'fhuath liom a bheith i mo 'Ghael-nazi' agus is annamh liom brú a chur ar éinne. B'fhearr go mór liom suim mhacánta a fheiceáil ó mo chairde sa teanga, agus gur comh-chinneadh eadrainn í a úsáid. Táim cheana féin á bhrath sin, agus táim ar bís níos mó feabhais a fheiceáil.
Stór Focal
Breis stór focal le fáil anseo!
agus - and agus - while, meanwhile, as annamh - rare, infrequent is annamh liom - it's rare for me antoisceach - extremist ar leith - particular, specific bá - sympathy (understanding, respect) Bítear ag súil... - It is expected... bhítí ag súil... - it used to be expected ceannann céanna - exact same cinneadh - decision comh- — mutual, together, the same cúis - cause (something people care about) cur isteach ar - to bother/be a nuisance dar liom - for me, I think dearcadh - perspective, opinion dua - hassle éirí as - to give up fairsing - widespread, extensive feabhas - improvement glactar leis - it is accepted gnách - normal is gnách liom... - I often... inbhuanaithe - sustainable a leithéid - such a thing, the equivalent of meon - attitude sciolladóir - nagging person stró - exertion tagaim leis - I get it (I understand/agree)
0 notes
gan-inscne · 2 years
Text
Dia daoibh! Rinne mé an cuntas nua seo, agus tá sceitiminí orm chun an pobal seo a bheith i mo bhall!!
Is mise Daimian, agus tá naoi mbliana déag slánaithe agam. Úsáidim na forainmneacha 'siad/iad' nó 'sé/é' as Gaeilge agus na forainmneacha 'xe/xem/xyr' nó 'they/them' as Béarla. Is duine gan inscne mé agus táim aerach agus éighnéasach. Is as Baile Átha Cliath dom agus is fearr liom úsáid canúint na Mumhan. Tá stad i mo chuid cainte agus ceapaim go bhfuil canúint na Mumhan is éasca. Is págánach Éireannach mé freisin. Is aoibhinn liom Bitheolaíocht, físchluichí agus Gaeilge.
Táim ag iarraidh 'edits' as Gaeilge agus 'edits' aeistéitiúil as Gaeilge agus aistriúcháin a dhéanamh. Má tá ceisteanna faoi fhocail ag aon daoine, seol 'ask' chugam! Is aoibhinn liom a bheith a cabhrú le!
Go raibh maith agaibh as léamh! Slán libh!!
As Béarla:
Hello! I made this new account, and I am excited to join this community!
I am Daimian, and I am 19 years old. I use 'siad/iad' or 'sé/é' pronouns in Irish and I use 'xe/xem/xyr' and 'they/them' pronouns in English. I am agender and gay asexual. I am from Dublin and I prefer to use the Munster dialect. I have a speech impediment and I think that the Munster dialect is the easiest. I am also an Irish pagan. I love Biology, video games and the Irish language!
I want to make edits/aesthetic edits and translations in Irish! If anyone has questions about words, send me an ask! I love being able to help others!
Thank you for reading! Goodbye!!
11 notes · View notes
cad-faoi-maeglin · 4 years
Text
Mise: Ba bhreá liom mo chuid Gaeilge a fheabhasú. B’aoibhinn liom a bheith Gaeilge líofa agam.
Mise freisin: *ag caint as Béarla* *ag scríobh as Béarla* *ag léamh as Béarla*
18 notes · View notes
p-isforpoetry · 4 years
Video
youtube
"Do You Remember That Night?" by Eugene O'Curry (read in English and in Irish by Aidan Gillen)
"Do You Remember That Night?" by Eugene O'Curry
Do you remember that night When you were at the window, With neither hat nor gloves Nor coat to shelter you? I reached out my hand to you, And you ardently grasped it; I remained in converse with you Until the lark began to sing.
Do you remember that night That you and I were At the foot of the rowan tree, And the night drifting snow? Your head on my breast, And your pipe sweetly playing? Little thought I that night That our love ties would loosen!
Beloved of my inmost heart, Come some night and soon, When my people are at rest, That we may talk together, My arms shall encircle you While I relate my sad tale, That your soft, pleasant converse Hath deprived me of heaven.
The fire is unraked, The light unextinguished, The key under the door, Do you softly draw it. My mother is asleep, But I am wide awake, My fortune in my hand, I am ready to go with you.
An Cuimhin Leat An Oíche Ud?
An cuimhin leat an oíche úd Do bhí tú ag an bhfuinneog Gan hata, gan laimhne Do do dhíon, gan chasóg?
Shín me mo lámh chugat Is rug tú uirthí barróg Is d'fhan mé i do chomhluadar Nó go labhair an fhuiseog.
An cuimhin leat an oíche úd Do bhí tú agus mise Ag bun an chrainn chaorthainn Is an oíche ag cur chuisne?
Do cheann ar mo chíochaibh Is do phíob gheal dhá seinm, Is beag a shíleas an oíche úd Go scaoilfeadh ár gcumann!
A chumainn mo chroí istigh! Tar oíche ghar éigin Nuair a luífidh mo mhuintir, Chun cainte le chéile.
Beidh mo dhá lámh i do thimpeall Is mé ag insint mo scéal duit Is gurb é do chómhra suairc mín tais Do bhain radharc Fhlaithis Dé dhíom!
Tá an tine gan choigilt, Tá an solas gan mhúchadh, Tá an eochar faoin doras Is tarraing go ciúin í.
Ta mo mháthair ina codladh Agus mise i mo dhúiseacht. Tá mo fhortún i mo dhorn Is mé ullamh chun siúl leat!
Source:  The Poetry Of Ireland
36 notes · View notes
duine-aiteach · 5 years
Text
Is maith liom ag caint as Gaeilge uaireanta mar níl aon judging ar mise. TÁ mé dona ach ní care mé! Chuir isteach an focail as Béarla, cad a céap gach duine eile? Who cares. Tógann tú spraoi as
22 notes · View notes
toinghaeilge · 6 years
Text
An Caitín Cleasach Part 1
Tumblr media
Bhí fear ann tráth a raibh muileann aige agus triúr mac. Bhí an muilleoir chomh bocht sin nár fhág sé ina dhiaidh aige nuair a fuair sé bás ach an muileann, agus asal agus cat a bhí aige.
“Tógfaidh mise an muileann,” arsa an mac ba shine. “Is liomsa an muileann ó cheart.”
“Tógfaidh mise an t-asal,” arsa an dara mac. “Leis an asal i mo sheilbh agam, beidh mé in ann mo ghnó féin a bhunú.”
“Níl fágtha agamsa, mar sin, ach an cat,” arsa an mac ab óige. “Is beag a chabhróidh cat liom slí bheatha a bhaint amach. Céard is féidir liom a dhéanamh?”
Ba chuma lena bheirt deartháireacha faoi, toisc gur daoine santacha leithleacha a bhí iontu. Mar sin, d’imigh an mac ab óige leis, an cat ina sheilbh aige, chun machnamh a dhéanamh ar chúrsaí.
“Níl aon amhras ach go bhfaighfidh mé bás den ocras,” ar seisean os ard, agus é ina shuí faoi chrann. “Nach éagórach an saol é.”
“Ní déarfainn é sin,” a dúirt an cat. “D’fhéadfainn cabhrú leat, dá mbeadh muinín agat asam.”
“Céard atá á rá agat? Gur chóir dom mo mhuinín a chur i gcat chun mo shaibhreas a dhéanamh?” a bhéic an fear óg go drochmheasúil. “A leithéid de mholadh!”
Dála an scéil, níorbh ábhar iontais ar bith do mhac an mhuilleora go raibh an cat in ann caint. San am a tharla an scéal seo, bhí caint ag roinnt mhaith ainmhithe – rud a bhí ar eolas ag an bhfear óg. Ar aon chaoi, ba chuimhin leis a athair ag rá go raibh scileanna thar na bearta ag an gcat, go háirithe ó thaobh francaigh agus lucha a mharú.
“Níl uaim,” arsa an cat tar éis tamaillín, “ach péire buataisí arda agus mála mór. Tabhair an méid sin dom agus geallaim duit nach mbeidh díomá ort.”
D’ainneoin a bharúla ar an gceist, shocraigh mac an mhuilleora muinín a chur sa chat. “Is fíorbheag airgid atá fágtha agam,” ar seisean. “Ach tá mé sásta é a chaitheamh ar bhuataisí arda duit, cé go n-admhálaim nach dtuigim féin cén fáth a dteastaíonn siad uait. Maidir leis an mála mór, is furasta teacht air sin.”
Tumblr media
0 notes
gaelsjustwannahavefun · 6 months
Text
I hope we never forget what happened last night, and that we never again ignore what has been happening in Dublin. Fuck the alt-right from the bottom of my heart - yous won't sleep peacefully again after this, after using these poor kids as a justification for your hatred, after destroying public services and trapping people in town.
Bí sábháilte gach duine, ach freisin fanacht díograiseach ar son DDD (daoine de dhath) agus daoine aiteacha freisin
11 notes · View notes
gomaynooth · 7 years
Text
Nua-Ghaeilge: Cén fáth?
Dia daoibh mo chairde! Tá súil agam go bhfuil sibhse ar mhuin na muice <3
Is mise Aisling Nic Fhionnáin agus fáilte chuig mo chéad bhlag!! Tá sceitimíní an domhain orm chun tús a chur leis an mblag seo. Ar dtús, inseoidh mé dóibh fúm féin. Is mac léinn Nua-Ghaeilge agus Béarla mé agus táim sa dara bliain anois in Ollscoil Mhá Nuad. Beidh mé ag caint libh faoi gach rud "Má Nuad" agus an céim Nua-Ghaeilge sa bhlag seo.
Scríobhfaidh mé anseo idir an Ghaeilge agus an Béarla- ná bí buartha nach féidir leat an Ghaeilge a thuiscint!
Tumblr media
Inniu, beidh mé ag caint libh faoi gur roghnaigh mé an "Nua-Ghaeilge" san Ollscoil. Nuair a bhí mé óg, thit mé i ngrá leis an teanga. Níor fhreastal mé ar aon Ghaeilscoil nó ar aon Ghaeltacht agus ní raibh éinne sa bhaile in ann an Ghaeilge a labhairt. Mar sin, mhúin mé féin an Ghaeilge sa bhreis taobh amuigh den scoil. Cheannaigh mé leabhair scéalta as Gaeilge agus póstaer gramadaí agus rudaí mar sin. Nuair a bhí mé i Rang a trí, mhúin mé féin "Amhrán na bhFiann", ba "nerd" mé gan dabht! Ach, tá an paisean sa Ghaeilge agam ó bhí mé óg agus níor fhág an paisean asam- tá an paisean fós agam!
Dá bharr sin, phioc mé an Ghaeilge san Ollscoil agus ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir meánscoile.
Táim ag tnúth go mór leis chun scríobh ar ais anseo go luath le topaic difriúla. Go raibh mile maith agaibh.
Tóg go bog é!
Aisling.
6 notes · View notes
pablandomucho-blog · 7 years
Text
Táim ag foghlaim Gaeilge - Cén fáth?
In dhá mhíle is a cúig deag, thosaigh mé ag foghlaim Spáinnis ar Duolingo. Rinné mé an cuntais twitter agus thosaigh mé ag tvuíteáil. Scríobh mé as Spáinnis agus Bearla. Chuala mé faoi 'tumadh'(immersion). Bhí sé ríthábhachtach chun teangacha a foghlaim. Má tú bí ag caint, ag eist agus ag scríbh Sin é an bealach is fearr an teagacha a foghlaim arsa mise liom féin. In dhá mhíle is a sé deag thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge aris i Corcaigh. Rinné mé gach Leibhéal ar Duolingo agus táim reidh le an crann teanga. Feicim ar TG4. Éistim le radio agus an amhrain Gaeilge. Chuir mé mo Facebook, twitter agus mo fón cliste as Gaeilge. Léamh mé Nós.ie agus thosaigh mé ag léamh na leabhair Gaeilge. Táim ag féachaint ar na comharthaí bóthair gach lá and léamh mé na Gaeilge orainn Chuaigh mé isteach sna club leabhar agus déan mé astriu gach mí le mo chairde nua anois Thosaigh mé ag tvuíteáil as Gaeilge freisin. Scríobh mé as Spáinnis, Bearla agus Gaeilge anois. Tá mé ag foghlaim Spáinnis agus Gaeilge fós. Bá mhaith liom an Ceol2017 a áil
2 notes · View notes
mifhortunach · 7 years
Text
:000
0 notes
sanjiuniverse-blog1 · 7 years
Quote
Love you... you're the best :) Sláinte agus táinte! Croí folláin agus gob fliuch.Go raibh maith agat, Sanji. I  had a lovely day. Tóg go bog é, Slán. Go raibh mile maith agat, a Chuisle Mo Chrói...Slán. :) Go raibh maith agat do gach rud.Ní raibh fhios agam go raibh tú in ann caint as Gaeilge :) Tá mise tar éis dearmad a dheanamh ar a lán den theanga ach bainfidh mé trial as, más maith leat.  En ik ben niet in staat om Nederlands te spreken.Tá a fhios agam nach féidir leat labhairt dutch ... Tá tú an-deas agus tá mé reverence domhain ar do shon. Is cuimhin liom gach rud a thug tú dom. Tá sé ró-chasta dom.  I ngach gné ... ach tá mé an-sásta a fhios agat dom chomh maith. Dhéanann aon duine eile. Ar beo.  An bhfuil to ag baint úsáid as Google Translate? ...lol Bhuel, ar aon nós, is deas é go bhfuil tusa ag baint trial as cúpla focal gaeilge Anois táim chun féachaint ar ''Idiocracy'' ar an laptop...níor chonaic mé é riamh. Tóg go bog é agus slán leat, a chara
youtube
0 notes